Seimineár chun deiseanna turasóireachta Gaeltachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a phlé

13 Deireadh Fómhair, 2016

nóiméad léite

Éagsúlacht chultúrtha agus oidhreachta na Gaeltachta agus bealaí chun tairbhe a bhaint as na deiseanna turasóireachta atá cruthaithe ag Slí an Atlantaigh Fhiáin a bheidh á phlé ag seimineár atá eagraithe ag Údarás na Gaeltachta i gCarna ar an 21 Deireadh Fómhair.

Ó seoladh Slí an Atlantaigh Fhiáin in 2014 tá ag éirí thar cionn leis ó thaobh turasóireacht baile agus cuairteoirí ó thar lear. Tá 25% d’imeallbhord na tíre sa Ghaeltacht, chomh maith le sé oileán Gaeltachta agus tá formhór de seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tugann seo deiseanna do ghnóthaí Gaeltachta sainréimse turasóireachta a fhorbairt do chuairteoirí.

Tá an seimineár oscailte d’aon duine atá ag soláthar seirbhís turasóireachta nó atá ag fiosrú deiseanna chun sin a dhéanamh i nGaeltacht Chonamara, go háirithe daoine a bhfuil táirgí sainréimse turasóireachta á fhorbairt acu a mheallfadh turasóirí idirnáisiúnta. Reáchtálfar an seimineár trí Ghaeilge.

Deir Éamonn Ó hÉanaigh, Feidhmeannach Turasóireachta Údarás na Gaeltachta, “Is é an aidhm atá leis an ócáid seo ná plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann chun ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a úsáid mar bhunús chun turasóireacht inbhuanaithe a fhás agus a fhorbairt sa Ghaeltacht. Tá súil againn go mbeidh an ócáid mar thús sa chomhrá níos leithne maidir leis na féidearthachtaí atá ann don cheantar.”

Tá réimse leathan cainteoirí ag glacadh páirt san ócáid. Ar maidin díreofar ar oidhreacht agus ar chultúr le cainteoirí ó Ionad na mBlascaoid i gCiarraí, Teach Solais Fhanada i nDún na nGall, Dún Aonghusa in Inis Mór agus Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara i Ros Muc, Co. na Gaillimhe. San iarnóin beidh plé ar thionscail nideoige ar nós turasóireacht bia agus siúlóidí, agus tabharfar eolas maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil do ghnólachtaí sna hearnálacha seo.

Tá an seimineár saor in aisce, ach tá spás teoranta, mar sin moltar clárú roimh ré. Beidh an ócáid ar siúl in Óstán Chuan Charna. Is féidir spás a chur in áirithint tré glaoch a chur ar Ardoifig Údarás na Gaeltachta ar 091 503100 nó ríomhphost a sheoladh chuig eoh@udaras.ie