Ráiteas ó Údarás na Gaeltachta Maidir le Clúdach sna Meáin faoi Chaiteachas ar Thaisteal Thar Lear

11 Samhain, 2010

nóiméad léite

Séanann Údarás na Gaeltachta go hiomlán na líomhaintí tromchúiseacha a rinneadh sna meáin le gairid maidir le caiteachas an Údaráis ar chaiteachas thar lear. Is léir go bhfuil siad dochrach agus go gcaitheann siad smál nach bhfuil tuillte ar fhoireann agus Bord an Údaráis.

Séanann an tÚdarás go bhfuil aon bhunús leis na líomhaintí seo. Is mian leis an Údarás a dhearbhú nach bhfuil ceist ar bith faoi mhíchleachtas de shaghas ar bith a bheith déanta ag a chuid feidhmeannaigh ná ag comhaltaí an Bhoird maidir le costaisí. Tá olc orainn mar gheall ar na tagairtí agus na comparáidí gan bhunús a rinneadh le cásanna faoi mhí-úsáid chruthaithe chistí poiblí i ngníomhaireacht phoiblí áirithe, a tuairiscíodh le bliain anuas. Ceartaíodh líomhaintí áirithe faoin Údarás, cuid acu a d’admhaigh meáin áirithe a raibh bunús míchruinn leo, agus cuireann sé as go mór dúinn gur rinneadh athchúrsáil arís orthu le déanaí.

Ba mhaith linn a rá in athuair gur eagraíocht oscailte agus follasach é Údarás na Gaeltachta a chloíonn go hiomlán le treoirlíne na Roinne Airgeadais. Tá comhlacht cuntasóirí proifisiúnta neamhspleách fostaithe ag Údarás na Gaeltachta chun feidhmeanna iniúchta inmheánaigh na heagraíochta a chur i gcrích. Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar ráitis airgeadais bhliantúil na heagraíochta agus tuairiscíonn sé go bliantúil chuig Tithe an Oireachtais. Léiríonn na hiniúchtaí seo go bhfuil dea-chleachtais i bhfeidhm san Údarás agus go gcomhlíontar treoirlínte na Roinne.

Comhlíonann an tÚdarás go hiomlán na treoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn Airgeadais maidir le caiteachas ar thaisteal. Bíonn na heitiltí fada chuig na Stáit Aontaithe agus chuig áiteanna eile taobh amuigh den Eoraip curtha in áirithe de réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag An Roinn Airgeadais do thaisteal thar lear. Cuirtear na heitiltí gearra chun na hEorpa in áirithe ar bheagchostas de réir na dtreoirlínte céanna. Déantar measúnú roimh ré ar fhiúntas na dturas go léir thar lear agus déantar iad a údarú ag an leibhéal is sinsearaí. Is é polasaí an Údaráis ná go n-aisíoctar amháin caiteachas riachtanach an turais agus an gnó a bhain leis, de réir mar a bhí údaraithe roimh ré. Ní áirítear ná ní íoctar in aon am an costas a bhaineann le duine muinteartha. Coinníonn an tÚdarás an costas a bhaineann le taisteal thar lear chomh híseal agus is féidir agus é ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna maidir le riachtanais ábhair infheisteoirí thar lear agus daingniú ar a chuid cliaint reatha.

Ina chuid iarrachtaí chun infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh chuig ceantair Ghaeltachta, tá an tÚdarás ag brath cuid mhaith ar theagmhálacha gnó a bhunaítear trí ghréasán oifigí an IDA sna Stáit Aontaithe agus in áiteanna eile. Is gníomhaireacht náisiúnta é an IDA atá freagrach as Infheistíocht Dhíreach Eachtrach (Foreign Direct Investment). Tá an tÚdarás freagrach as infheistíocht a mhealladh chuig an Ghaeltacht, Infheistíocht Dhíreach Eachtrach san áireamh. Níl ionadaíocht ag an Údarás thar lear. Tá ceannárais ag roinnt dá chliant-chomhlachtaí thar lear chomh maith le custaiméirí, soláthraithe agus infheisteoirí ag cliaint eile thar lear. Léiríonn torthaí ón Annual Business Survey of Economic Impact 2008 (ABSEI), suirbhé a rinne Forfás ar chliant-chomhlachtaí de chuid an Údaráis in 2009 ina bhfuil 79% den fhostaíocht iomlán, gur fiú €834m díolachán iomlán na gcomhlachtaí agus gur bhain 47.6% den díolachán seo le heaspórtáil. Mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go leanann an tÚdarás leis an chaidreamh atá aige lena chliant-chomhlachtaí thar lear agus le foireann an IDA sa ghréasán d’oifigí atá acu, le teagmhálacha a choinneáil ionas gur féidir infheistíocht ó thar lear a mhealladh.

Maidir leis an tagairt a rinneadh sna meáin do thuras go Shanghai na Síne, measadh go raibh an turas seo riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar thionscadal a cheadaigh Bord an Údaráis ina dhiaidh sin. Tá an tionscadal, a bhfuiltear ag tuar go mbeidh 18 duine ag obair ann, lonnaithe i nGaeltacht Chonamara anois. Áiríodh freisin gur úsáid éifeachtach a bheadh in airgead an cháiníocóra bualadh le feidhmeannaigh de chuid IDA agus Fiontraíocht Éireann fad is a bhí feidhmeannaigh an Údaráis i Shanghai. Chomhlíon na costais go léir, eitiltí san áireamh, na treoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn Airgeadais maidir le caiteachas ar eitiltí fada.

Bhí tagairtí chomh maith do sheacht dturas go Halifax. Ní dhearnadh ach ceithre thuras, agus sa chás seo bhí an tÚdarás ag lorg teicneolaíochta, comhpháirtíochta agus infheistíochta dá fhochuideachta i gConamara atá faoi lánúinéireacht, ar mhaithe le todhchaí na cuideachta sin a choimeád slán. Bhí idirbheartaíochtaí ar siúl ag an Údarás le roinnt comhlachtaí, comhlacht in Halifax san áireamh.

Maidir le tagairtí a rinneadh do thurais go Las Vegas agus go Los Angeles, bhí an dá stad seo mar pháirt de thuras gnó amháin ina raibh feidhmeannach sinsearach de chuid an Údaráis ag bualadh le cliaint in earnáil na meáin chun deiseanna a aithint agus infheistíocht a aimsiú d’earnáil atá á fhorbairt sa Ghaeltacht ag an Údarás go leanúnach (ag an North American Broadscasters Association Trade Show i Las Vegas, an t-aonach gnó is mó i Meiriceá, agus leis an Irish Film Commissioner i Los Angeles faoi seach). Níor maíodh ariamh go raibh baint ag an IDA leis na cruinnithe i Las Vegas agus i Los Angeles, mar a tuairscíodh.

Fáiltíonn muid roimh an deis na sonraí go léir a sholáthar d’Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta le cur ar a gcumas tuairisc a chur ar fáil don Choiste um Chuntais Phoiblí, mar atá iarrtha. Ba mhaith linn a rá go raibh eolas míchruinn maidir le taisteal fheidhmeannaigh an Údaráis, mar a thagair Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí dó ag léamh dó ó nuachtán aitheanta, mar eolas a bhí i measc an phobail cheana, foilsithe i nuachtáin roimhe seo. Foilsíodh soiléiriú agus ceartuithe ina dhiaidh sin.

Tags: Ráiteas