Ráiteas Deireadh Bliana 2012 foilsithe ag an Údarás

21 Eanáir, 2013

nóiméad léite

Ráiteas eisithe ag Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach agus Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta

  • Tacaíonn Acht na Gaeltachta 2012 le feidhm forbartha réigiúnach an Údaráis agus tugann sé ról straitéiseach pleanála teanga don eagraíocht
  • 700 post nua cruthaithe in 2012
  • An méid caillteanais post is lú feicthe le ceithre bliana déag
  • Tograí ceadaithe ina mbeifear ag súil le 670 post nua a chruthú sa Ghaeltacht amach anseo
  • Fás leanúnach le feiceáil i leibhéil díolacháin agus fostaíochta i gcomhlachtaí atá ag easpórtáil

Athbhreithniú ar 2012
Le linn na bliana achtaíodh Bille na Gaeltachta 2012 a thugann feidhmeanna nua straitéiseacha don Údarás. Tacaíonn Acht na Gaeltachta 2012 le ról Údarás na Gaeltachta mar phríomh-gheallsealbhóir i bhforbairt réigiúnach na Gaeltachta agus tugann sé feidhm reachtúil don Údarás maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ceapadh Bord nua ar an Údarás tar éis teacht i bhfeidhm an Achta.

Cruthaíodh 700 post nua i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2012. Bhí 7,553 post i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana, comhdhéanta de 6,933 post lánaimseartha agus 620 post páirtaimseartha. Nuair a thógtar líon na bpost lánaimseartha a cailleadh san áireamh, bhí glanchaillteanas de 37 post i gceist.

Fostaíocht sa Ghaeltacht
Bhí an líon post a cailleadh in 2012 ar an ráta caillteanais post is lú le níos mó ná deich mbliana anuas. Tá an bonn fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta anois ag leibhéal seasmhach, tá siad níos iomaíocha agus dírithe níos mó ar easpórtáil. Tháinig ardú ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí a bhí ag feidhmiú sna hearnálacha cógaisíochta, feistí leighis, bia agus saindéantúsaíochta le linn na bliana. Lean an leibhéal díolacháin agus fostaíochta ag fás i gcomhlachtaí easpórtála i rith na bliana.

Bhí bliain dhúshlánach eile ag na cliantchomhlachtaí atá ag trádáil go hiomlán sa mhargadh baile. Tharla laghduithe post don chuid is mó i bhfiontair atá ag feidhmniú sna hearnálacha seirbhísí, turasóireachta, agus déantúsaíochta traidisiúnta le linn na bliana.

670 post ceadaithe don Ghaeltacht le linn 2012
Cheadaigh Údarás na Gaeltachta tograí i rith na bliaina ina mbeidh suas le 460 post nua measta á gcruthú iontu agus infheistíocht iomlán mheasta de €37 milliún ag baint leo nuair a bheidh siad faoi lán seoil. Beidh go leor de na poist seo ag teacht chun tosaigh in 2013 agus sna blianta go luath ina dhiaidh sin.

Is údar mór dóchais é gur cheadaigh an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire) tacaíocht do 220 post nua breise do chliantchomhlacht de chuid an Údaráis, Bioniche Pharma, atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara in 2012. D’fhógair Mylan, ceann de na príomh-chomhlachtaí cógaisíochta ar domhan, go raibh sé chun forbairt shuntasach a dhéanamh ar a áis déantúsaíochta agus taighde agus forbartha Bioniche Pharma, a cheannaigh sé in 2010. D’oibrigh Údarás na Gaeltachta leis an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), Mylan agus Bioniche Pharma le linn na bliana leis an infheistíocht seo a mhealladh go Gaeltacht na Gaillimhe.

Tuilleadh fáis tagtha ar thionchar eacnamaíochta chliantchomhlachtaí an Údaráis
Taispeánann taighde ABSEI a rinne Forfás in 2012 go raibh díolachán iomlán de €784 milliún ag cliantchomhlachtaí an Údaráis, fás 3% ar an bhliain roimhe sin, agus méadú dearfach 11% tuartha don bhliain seo chugainn. D’fhás easpórtáil 10% go €452 milliún, agus tá méadú breise de suas go 15% tuartha don bhliain seo chugainn. Chiallódh sé sin go mbeadh comhlachtaí Gaeltachta ag baint amach an leibhéal is airde easpórtála riamh. Tháinig ardú ar easpórtáil iomlán, mar chéatadán de dhíolachán, ó 50% go 62% ó bhí 2009 ann. Tá tionchar suntasach ag comhlachtaí Gaeltachta ar eacnamaíocht na Gaeltachta agus na tíre agus tá sé seo léirithe san ardú 9% i gcaiteachas ar tháirgí Éireannacha, le €431 milliún de chaiteachas díreach in eacnamaíocht na hÉireann an bhliain roimhe. D’íoc na cliantchomhlachtaí iomlán párolla de €190 milliún.

Dúshláin ann do chruthú poist nua
Tá sé tábhachtach a nótáil, cé go bhfuil ráta na gcaillteanas post ag leibhéal seasmhach, nach bhfuil an méid post nua atá á gcruthú dóthanach go leor leis an mbonn fostaíochta sa Ghaeltacht a choinneáil slán. Tháinig titim ar an líon post a ceadaíodh le ceithre bliana anuas ar chúpla cúis, an aeráid dhúshlánach eacnamaíochta, comhlachtaí ag cur siar a bpleananna leathnaithe agus infheistíochta, agus chomh maith le sin ísliú suntasach ar sholáthar caipitil don Údarás sa tréimhse sin. Chuir seo srian ar acmhainní an Údaráis tograí nua a cheadú, infheistíochtaí agus forbairt a dhéanamh in infreastruchtúr gnó sa Ghaeltacht.

Chun infheistíocht sheachtrach a mhealladh, ní mór don Ghaeltacht a bheith ábalta infreastruchtúr fisiceach, gnó agus teileachumarsáide den chuid is nua-aoisí a chur ar fáil d’fhiontair nua-aimseartha. Tá an easpa rochtain ar leathanbhanda ardluais ina dhúshlán do chomhlachtaí i gcuid de na ceantair Ghaeltachta go fóill.

Tábhacht na Scéimeanna Sóisialta Fostaíochta i soláthar traenála agus taithí oibre
Tá ról tábhachtach ag na scéimeanna sóisialta fostaíochta ag cur taithí oibre agus traenáil ar fáil do phobal na Gaeltachta. Déanann Údarás na Gaeltacht bainistiú agus riaradh ar An Scéim Fostaíochta Pobail, An Scéim Shóisialta Tuaithe, Tús agus Tús Nua, atá maoinithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. In 2012 bhí os cionn 960 rannpháirtí agus 47 saoiste fostaithe ar 46 scéim ar fud na Gaeltachta. Tá ról lárnach ag na scéimeanna seo i gcur i bhfeidhm chláir agus ghníomhaíochta forbartha pobail agus caomhnú teanga sa Ghaeltacht.

Gníomhaíochtaí Teanga agus Forbartha Pobail
Faoi Acht na Gaeltachta 2012 tugtar feidhm reachtúil don Údarás maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Sa Straitéis sin leagtar an bhéim ar phleanáil chomhtháite teanga ag leibhéal an phobail agus cuireann Acht na Gaeltachta 2012 bunús reachtúil faoin phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá dúshláin ag baint le pleanáil teanga ag leibhéal an phobail áitiúil agus an nasc idir iad agus Ranna Rialtais, eagraíochtaí stáit agus iad siúd a chuireann seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta.
Is faoi stiúir an Aonaid Straitéise sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus tá grúpaí oibre éagsúla bunaithe ag an Aonad le dul chun cinn na réimsí éagsúla oibre a bhrú chun cinn. Beidh an tÚdarás ag obair leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus leis na pobail Ghaeltachta le straitéisí éifeachtacha agus pleananna teanga a fhorbairt a bheidh mar thacaíocht do chothú agus caomhnú na teanga go háitiúil.

Le linn 2012, bunaíodh roinnt grúpaí oibre ar a raibh ionadaithe ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais agus Scileanna, agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Beidh ról lárnach ag na heagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta i bhfeidhmiú Acht na Gaeltachta 2012. Rinne feidhmeannaigh an Údaráis i gcomhar le feidhmeannaigh na Roinne dhá sheisiún eolais, bunaithe ar a raibh i gceist leis an mBille Gaeltachta mar a bhí ag an am, a eagrú sna réigiúin Ghaeltachta le linn 2012 lena dtuairimí a fháil. Go luath in 2013, eagrófar ócáidí in athuair sna réigiúin le plé sonrach a dhéanamh faoi leagan amach na Limistéar Pleanála Teanga agus na mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus le riachtanais agus féidearthachtaí an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht a phlé go mion.

Fócas an Údaráis do 2013
Leanfaidh an tÚdarás air ag cur i bhfeidhm a phleain straitéisigh don Ghaeltacht. Tacófar le cruthú fostaíochta in eochairearnálacha a bhfuil sé de chumas acu cur le forbairt eacnamaíochta inmharthana, ar a n-áirítear acmhainní nádúrtha agus mara, eolaíochtaí beatha, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, turasóireacht chultúrtha, déantúsaíocht nideoige, innealtóireacht, bia agus tráchtearraí eile breisluacha. Tá tionscnaimh atá lárnach d’fhorbairt pobail agus pleanáil teanga ar nós tacaíochtaí do chúram leanaí agus oideachas réamhscoile, forbairt óige, agus oiliúint ar siúl agus á reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Tá na cláir seo go léir fréamhaithe i riachtanais theangeolaíocha, shóisialta agus eacnamaíochta an phobail agus tá siad mar chur chuige comhtháite agus cuimsitheach i bhforbairt agus i gcothú na teanga.

Déanfaidh an eagraíocht atheagar agus athstruchtúrú ar a chuid acmhainní agus ar a chlár oibre lena chinntiú go seachadfar a straitéis nua mar atá leagtha amach in Acht na Gaeltachta 2012.
Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don tacaíocht atá tugtha dúinn ag an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), Fiontraíocht Éireann, Bord Bia agus Bord Iascaigh Mhara i gcur i bhfeidhm ár gclár forbartha fiontraíochta agus tá muid ag súil le comhoibriú níos dlúithe leo sa todhchaí. Ba mhaith linn buíochas a ghlacadh chomh maith leis an Iar-Chathaoirleach Liam Ó Cuinneagáin agus leis na hIar-Chomhaltaí Boird as a dtiomantas agus a gcomhoibriú thar na blianta i gcur i bhfeidhm chuspóirí na heagraíochta agus tá muid ag tnúth go mór le bheith ag obair leis an mBord nua in 2013.