Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag éirí as

8 Feabhra, 2017

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, go bhfuil sé tugtha le fios di ag Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, go mbeidh sé ag dul ar scor ar an 31 Bealtaine 2017, nuair a thagann deireadh lena chonradh.

Dúirt an Cathaoirleach: ‘Tá Steve Ó Cúláin ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bhí 2012 ann. Tréimhse chinniúnach chorraitheach don Údarás a bhí ann, le cúraimí breise, laghduithe buiséid agus éiginnteacht. Ach tháinig an eagraíocht slán faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh agus tá sí réidh le tabhairt faoi na dúshláin nua atá roimpi le hugach agus le dóchas; molann an obair an saor. Tá an Bord, foireann an Údaráis, pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge go mór faoi chomaoin aige.

Thar mo cheann féin agus thar ceann na gcomhaltaí Boird, glacaim buíochas ó chroí le Steve agus guím gach rath air san am atá le teacht.’

D’fhógair an Cathaoirleach chomh maith : ‘Mar thoradh ar an litir a fuair mé ón Phríomhfheidhmeannach ag rá go mbeadh sé ag éirí as a phost nuair a bheadh a chonradh istigh, bhí comhráití príobháideacha againn mar chomhaltaí Boird an tseachtain seo caite. D’aontaíomar tús a chur leis an phróiseas atá leagtha síos chun Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh. Ar an ábhar sin, tá comhfhreagras seolta agam chuig Aire Stáit na Gaeltachta chun cinneadh an Phríomhfheidhmeannaigh a chur in iúl dó agus tús a chur le próiseas chun comharba a cheapadh don phost.’