Oscailt Oifigiúil – Ionad Cúraim Leanaí Thír an Fhia

1 Nollaig, 2006

nóiméad léite

D’oscail an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., Ionad Cúraim Leanaí Thír an Fhia go hoifigiúil ar maidin inniu tar éis don Athair Eddie Ó Conghaile an t-ionad a bheannú.

Is foirgneamh den chéad scoth é an t-ionad nua seo ina bhfuil seirbhís naíolainne, naíonra agus cúram iarscoile á chur ar fáil ann. Bíonn an fhoirgneamh ar oscailt ón 8.00 r.n. go dtí a 6.00 i.n ó Luan go hAoine ag cur seirbhís cúram leanaí ar fáil agus tá 71 gasúr ag freastal air. Tá 15 duine fostaithe san ionad idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha.

Chosain sé breis agus €2 milliún an fhoirgneamh a thógáil agus is iad an tÚdarás a rinne maoiniú ar an togra le tacaíocht ó Pobal.

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt An tAire Ó Cuív gurb iontach an rud a leithéid de áis a bheith ar fáil i gceantar na nOileán agus go raibh creidiúint ag dul dóibh siúd uile a bhí páirteach sa togra agus a d’oibrigh go crua chun a chinntiú go mbeadh ionad d’ardchaighdeán ar fáil a chuirfeadh seirbhís cúram leanaí ar fáil trí Ghaeilge do thuismitheoirí an cheantair.

Is é Naíonra an Chnoic atá i mbun na seirbhíse naíonra agus é ag feidhmiú ó 1980 i leith agus tá Naíolann na nOileán i mbun an seirbhíse naíolainne agus tá sé sin ag feidhmiú ó 1991 faoi choimirce Mhuintearais.