Network Chonamara – gréasa do lucht gnó i gConamara á sheoladh

1 Deireadh Fómhair, 2010

nóiméad léite

Beidh an chéad chruinniú de Network Chonamara do lucht gnó atá ag feidhmiú i gceantar Chonamara ar siúl in Óstán Chósta Chonamara ar an gCéadaoin, 6 Deireadh Fómhair ón 18:00 i.n. go dtí a 20:00.

Is deis é seo do gach gnó (mór, beag nó trádálaithe aonair), as gach earnáil (seirbhísí, fáilteachas, sláinte, déantúsaíocht etc) casadh lena chéile agus aithne a chur ar a chéile i gcúinsí neamhfhoirmiúla. Is é príomh chuspóir an chruinnithe ná úsáid a bhaint as líonrú duine le duine chun gnó agus tacaíocht dá chéile a ghiniúint i gceantar Chonamara.

Ba chóir dóibh siúd atá ag freastal cártaí gnó agus bróisiúir a thabhairt leo. Beidh sólaistí á gcur ar fáil ag an óstán. Beidh muid ag dáileadh suirbhé margaidh chun tuairim a fháil faoi na hócáidí agus na sceidil go mbeadh spéis ag daoine iontu ar bhunús leanúnach. Chuige seo, aontóidh muid ar choiste beag stiúrtha chun moladh a thabhairt ar ais chuig an ngrúpa níos déanaí. Cuir an dáta seo i do dhialann anois. Féach ar shuíomh idirlín LinkedIn do leathanach díospóireachta fhóram Network Chonamara. Tá fáilte romhat a bheith mar bhall don fhóram.