Nemeton ag soláthar saineolaithe do Thionscal na Teilifíse agus na Meáin

21 Deireadh Fómhair, 2013

nóiméad léite

Tá Nemeton, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta atá lonnaithe sa Rinn, Co. Phort Láirge, ag leanúint dá obair ag cur cúrsa Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse ar fáil a soláthraíonn saineolaithe do thionscal na teilifíse agus na meáin. Tá an Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse i gcomhar le hInstutiúd Teicneolaíochta Phort Láirge á chur ar fáil le maoiniú ó Údarás na Gaeltachta.

Ó cuireadh tús leis an gcúrsa i 2006, tá thar 40 cláir cruthaithe mar pháirt d’obair an chúrsa agus craoladh 35 acu ar TG4. De bharr seo, tá an-cháil bainte amach ag an gcúrsa i dtionscal na teilifíse agus na meáin.

Tugann an Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse deis do mhic léinn, saineolas a bhaint amach ar na scileanna riachtanacha ins na meáin chumarsáide agus na meáin margaíochta digiteacha m.sh; Fís, Fuaim, Stiúradh agus Eagarthóireacht.

I mbliana, tá 12 mac léinn ó Chonamara, An Rinn, Port Láirge agus Corcaigh ag freastail ar an gcúrsa a thosaigh i mí Mheán Fómhair. Is cúrsa bliana ag leibhéal 8 é an Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse.

Tuilleadh eolais faoin gcúrsa ar fáil ar www.wit.ie agus www.nemeton.ie nó ag 058 46499.