Na chéad trí Cheanneagraíochtaí roghnaithe le dul i mbun pleananna teanga

1 Nollaig, 2014

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta inniu (30 Deireadh Fómhair) go bhfuil trí Cheanneagraíocht roghnaithe aige le tabhairt faoi phleananna teanga a réiteach do na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá faoina gcúram.

Lorgaíodh iarratais níos luaithe i mbliana ó eagraíochtaí/grúpaí pobail a bheadh sásta dul i mbun na hoibre seo. D’fhógair an tÚdarás inniu gur iad Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo. a bheidh ag tabhairt faoi phlean a ullmhú do Limistéir Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir i nDún na nGall, Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga (faoi chúram Chomharchumann Shailearna agus Chomhlacht Forbartha an Spidéil Teo) a bheidh i mbun plean a ullmhú do cheantar Chois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe, agus is é Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. a bheidh i mbun plean a réiteach do Limistéir Chiarraí Thiar. Tá tréimhse suas go dhá bhliain ag na ceanneagraíochtaí sin le plean teanga a réiteach dá LPT.

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Tá lúcháir orainn go bhfuil muid tagtha chuig an stáid go bhfuil na chéad trí Cheanneagraíochtaí réidh le tosú ar an phróiseas pleanála le plean teanga a ullmhú agus beidh gach tacaíocht gur féidir á thairiscint ag an Údarás do na ceanneagraíochtaí sin agus iad i mbun na hoibre seo.”

Dúirt an Cathaoirleach gur léiríodh go leor suime sna fógraí i leith 6 Limistéir Pleanála Teanga eile a rinneadh i rith an tSamhraidh. “Tá an próiseas meastóireachta a bhain le sin beagnach críochnaithe agus beidh muid ag súil comhaontaithe a shocrú leis na Ceanneagraíochtaí a bheidh roghnaithe agus iad a fhógairt go luath,” a dúirt sí.

Beidh an tÚdarás ag cur moladh os comhair an Aire Stáit i leith ceithre Limistéir Pleanála Teanga eile agus táthar ag súil go mbeidh siad sin á fhógairt go luath.