Moltaí “An Bhoird Snip Nua” i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge

21 Lúnasa, 2009

nóiméad léite

Is údar díomá agus imní do Bhord Údarás na Gaeltachta na moltaí i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge atá curtha ar fáil don Aire Airgeadais ag an ngrúpa comhairleach faoi chathaoirleacht Cholm Mhic Carthaigh a nglaotar go coitianta “An Bord Snip Nua” orthu. Tuigeann An tÚdarás an gá atá le ciorruithe ar chaiteachas poiblí mar bhonn d’athbheochan na heacnamaíochta náisiúnta agus an gá atá le hatheagar a chur ar chodanna áirithe den tSeirbhís Riaracháin phoiblí ar mhaithe le héifeachtacht níos fearr a bhaint amach. Sé tuairim mheáite an Bhoird, áfach, ná gurb é an toradh a bheadh ar na moltaí i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge ná:

  • struchtúir thacaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta a scrios;
  • infheistíocht mhór stáit atá déanta ag rialtais éagsúla le freastal ar riachtanais ar leith na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur ar neamhní;
  • deireadh a chur le fostaíocht fhiúntach agus foinsí ioncaim do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta;
  • imeallú iomlán a dhéanamh ar an nGaeilge mar ghné thábhachtach de shochaí na hÉireann agus deireadh le haon struchtúr a bheadh dírithe ar chaomhnú agus cosaint na Gaeltachta.

Creideann an tÚdarás go bhfuil sé riachtanach go mbeadh Roinn Stáit ar leith ann a bheadh freagrach as cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge agus go mbeadh eagras forbartha ar leith ann le sainchúram a dhéanamh de riachtanais fhorbartha agus fhostaíochta na Gaeltachta.

Cé go nglacann An tÚdarás leis nach doiciméad de chuid an Rialtais atá sa tuarascáil seo is léir go dteastaíonn ón Roinn Airgeadais go dtógfaidh na Ranna éagsúla stáit na moltaí seo san áireamh nuair a bheidh na meastacháin do cháinaisnéis 2010 á n-ullmhú i rith na míonna seo romhainn.

Cuireann An tÚdarás a mhuinín sna hAirí Rialtais agus Teachtaí Dála a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndáilcheantar acu, chomh maith leis na Teachtaí Dála sin i bpáirtithe an Rialtais a thugann tacaíocht don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, diúltú do na moltaí seo nuair a bheidh cinntí a ndéanamh maidir le ciorruithe atá le cur i bhfeidhm in 2010.