Mícheál Ó hÉanaigh ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.

28 Iúil, 2017

nóiméad léite

Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, in oifigí na heagraíochta

Ag éirí as próiseas earcaíochta do phost an Phríomhfheidhmeannaigh ar Údarás na Gaeltachta, chinn Bord an Údaráis, Mícheál Ó hÉanaigh a cheapadh mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta, faoi réir socruithe conartha a bheith aontaithe. Tá Mícheál fostaithe faoi láthair mar Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta, Maoine agus Innealtóireachta leis an Údarás.

Agus í ag fógairt an cheapacháin inniu, ghlac Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, buíochas le Steve Ó Cúláin a d’fheidhmigh mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ón Meitheamh 2012 i leith. Dúirt an Cathaoirleach “Tréimhse chinniúnach chorraitheach don Údarás a bhí ann, le cúraimí breise, laghduithe buiséid agus éiginnteacht. Ach tháinig an eagraíocht slán faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh agus tá sí réidh le tabhairt faoi na dúshláin nua atá roimpi le huchtach agus le dóchas. Tá an Bord, foireann an Údaráis, pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge go mór faoi chomaoin aige.”

“Ar deireadh, ba mhaith liom, ar mo shon féin agus ar son an Bhoird, comhghairdeachas ó chroí a dhéanamh le Mícheál Ó hÉanaigh agus gach rath agus sonas a ghuí air agus é i mbun a chuid dualgaisí nua.”