Maoiniú Ceadaithe d’Ealaín na Gaeltachta Teo

2 Meán Fómhair, 2011

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an chinneadh atá déanta ag An Chomhairle Ealaíon maoiniú a chur ar fáil don chomhlacht Ealaín na Gaeltachta Teo lena chlár gníomhaíochtaí do 2011 a chur i bhfeidhm. Déanann Údarás na Gaeltachta cómhaoiniú ar an bhuiséad seo agus ciallaíonn sé seo go mbeidh buiséad ar fáil ag Ealaín na Gaeltachta Teo lena chlár oibre a chur i bhfeidhm i mbliana.

Is comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta agus an An Chomhairle Ealaíon é Ealaín na Gaeltachta Teo a chuireann forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta chun cinn sna ceantair Ghaeltachta. Tá áisitheoirí réigiúnacha fostaithe ag Ealaín na Gaeltachta Teo lena chlár oibre a chur i bhfeidhm.

Léirigh staidéar a rinne na comhairleoirí eacnamaíochta idirnáisiúnta INDECON in 2010 go bhfuil tionchar eacnamaíochta suntasach ag na healaíon sa Ghaeltacht. Tuairiscíonn an staidéar go raibh an tionchar ina iomláine suas le €20 milliún. Anuas ar seo bhí 247 post ag brath go díreach ar an infheistíocht seo.