Maoiniú ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta le cúrsa Gaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúcháin a sholáthar

23 Meán Fómhair, 2013

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine seo caite (20 Meán Fómhair 2013) ceadaíodh soláthar airgid €113,000 d’Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo agus Europus Co Teo le cúrsa Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeannach agus Aistriúcháin a chur ar fáil i gCarna, Co. na Gaillimhe don bhliain acadúil 2013-14.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin: “Tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Údarás in earnáil na fostaíochta teangabhunaithe le blianta anuas trí mhaoiniú ar chúrsaí tríú leibhéal le soláthar daoine oilte sa Ghaeltacht a chinntiú agus chun fiontraithe a chothú le dul i mbun a ngnóthaí féin. Leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fheidhmiú, beidh gá le daoine oilte i gcúrsaí gairmiúla Gaeilge agus beidh deiseanna ag muintir na Gaeltachta teacht i dtír ar na poist seo ach oiliúint cuí a bheith faighte acu. Tacaíonn an cúrsa seo leis an aidhm sin a bhaint amach.”