Maoiniú ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do Choláiste Lurgan

9 Feabhra, 2015

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (29 Eanáir) ceadaíodh soláthar caipitil le obair athchóirithe riachtanach a dhéanamh ar an fhoirgneamh ina mbíonn Coláiste Lurgan Teo lonnaithe.

Aithníonn an tÚdarás go bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an choláiste Gaeilge do gheilleagar an cheantair agus don Ghaeilge i gcoitinne agus ar an bhunús sin tá gá leis an obair seo a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir leis an choláiste feidhmiú an samhradh seo. Aithnítear fosta go bhfuil gá le réiteach fadtéarmach don fhoirgneamh chun a chinntiú go mbeidh sé in ann freastal go héifeachtach ar Choláiste Lurgan agus ar an phobal áitiúil sna blianta amach romhainn agus beifear ag obair ar phleananna le freastal ar an riachtanas seo i gcomhar leis na geallsealbhóirí cuí.