Léiriú le Sónta Teo, cliantchomhlacht de chuid an Údaráis, á léiriú i bpictiúrlanna ar fud na tíre

31 Eanáir, 2013

nóiméad léite

Beidh ‘Lón sa Spéir’, clár faisnéise a léirigh Sónta Teo, á thaispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre ón 1 Feabhra i nGaeilge agus i mBéarla. Is cliantchomhlacht de chuid an Údaráis é Sónta Teo atá lonnaithe i gCill Chiaráin.

Is faoin ngrianghraf cáiliúil ‘Lunch Atop a Skyscraper’ a tógadh i 1932 d’aon fhear déag a bhí ag obair le cruach, suite ar ghiarsa 850 troigh san aer os cionn Manhattan, le linn na hoibre tógála ar Ionad Rockefeller. Tá na milliún cóip den ghrianghraf foilsithe agus ar crochadh ar bhallaí ar fud an domhain. Is de bhunadh na Sean Eaglaise iad beirt de na fir atá sa ghrianghraf agus bheartaigh Éamonn agus Seán Ó Cualáin, ón gcomhlacht léiriúcháin Sónta, scéal an phictiúir a insint i scannán faisnéise.

Léiríodh ‘Lón sa Spéir’, atá ainmnithe do ghradam IFTA, ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus féilte scannán i Meiriceá agus Ceanada.

Le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta, léireofar an clár faisnéise i nGaeilge in Insitiúid Scannán na hÉireann, Baile Átha Cliath ar 1 Feabhra ag 6:30i.n. agus 5 Feabhra 6.20i.n. Beidh an scannán á thaispeáint in sna pictiúrlanna seo a leanas, agus an leagan Gaeilge a thaispeáint I gcuid acu chomh maith:

Insitiúid Scannán na hÉireann, Baile Átha Cliath
Movies @ Sord, Baile Átha Cliath
Movies @ Dún Droma, Baile Átha Cliath
Omniplex, Screen Cinema, Baile Átha Cliath
Omniplex, Gaillimh
Omniplex, Loch Garman
MovieWorld, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo
MovieWorld, Guaire, Co. Loch Garman