Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta beartaithe do Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, le cómhaoiniú ó Údarás na Gaeltachta

13 Meán Fómhair, 2013

nóiméad léite

Tá sé beartaithe Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta, a chosnóidh €3.4 milliún, a fhorbairt i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí ar shuíomh de chuid Údarás na Gaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo i gcomhpháirtíocht agus ag maoiniú an togra nua seo.

Mar chuid den Lárionad Forbartha seo, ina mbeidh achar de c.1,400 méadar cearnach, beidh oifigí agus áiseanna nua do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo; Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ina mbeidh áiseanna nua don naíonra agus seirbhísí réamhscoile; spás oiliúna; agus trí aonad fiontraíochta de chuid an Údaráis. Tá sé i gceist chomh maith clós súgartha poiblí do leanaí a fhorbairt ar an suíomh, atá lonnaithe ar imeall shráidbhaile an Bhuailtín. Is é Údarás na Gaeltachta a bheidh freagrach as an fhorbairt a bhainistiú le linn na tréimhse forbartha agus táthar ag súil go mbeadh an obair fhorbartha iomlán curtha i gcrích roimh Fhómhar na bliana seo chugainn.

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Tá lúcháir ar Bhord an Údaráis a bheith in ann soláthar airgid €1.2 milliún a cheadú don togra seo agus a bheith i bpáirtnéireacht leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo i gcur chun cinn na forbartha ceannródaíoch seo. Is togra iontach tábhachtach é seo do Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus do pobal na háite. Déanfar freastal ar riachtanais thacaíochta teanga agus luath-oideachais agus cuirfear áiseanna nua-aimseartha oiliúna, fiontraíochta agus cruthú fostaíochta ar fáil ar mhaithe le neartú agus buanú an phobail agus na Gaeilge sa cheantar. Tá ról ar leith leagtha síos don Údarás i bhfeidhmiú Acht na Gaeltachta 2012 agus i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus beidh an Lárionad seo mar chrann taca leis na feidhmeanna sin a chur i gcrích i gCorca Dhuibhne.”

Tá láimhdeachas bliantúil de thart ar €3 milliún ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo agus íoctar pá le 220 duine in aghaidh na bliana nó 47 post comhionann lánaimseartha. Tá tionchar eacnamaíochta de thart ar €6.9 milliún á ghiniúint ag an gComharchumann i gceantar Chorca Dhuibhne, go bliantúil.

“Tá ról lárnach ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo agus a chuid fochomhlachtaí i bhforbairt agus i mbuanú na Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, chomh maith le tionchar ollmhór acu ar an eacnamaíocht áitiúil. Cuirfidh na háiseanna nua seo ar a chumas breis forbartha a dhéanamh,” a dúirt Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach an Údaráis. Dúirt sé go gcuirfeadh an fhorbairt le líon agus caighdeán na seirbhísí a bheidh ar fáil sa cheantar, le hinmharthanacht phobail, le seirbhísí bun-riachtanacha agus le buanú agus deiseanna fostaíochta i gCorca Dhuibhne.