Laghdú Foirne ag Dane-Elec Teo, Baile an tSagairt, An Spidéal

9 Nollaig, 2010

nóiméad léite

Is cúis díomá dúinn go mb’éigean don chomhlacht Dane-Elec Teo, An Spidéal, a fhógairt inniu go mbeidh siad ag dul i mbun tréimhse comhairleoireachta leis an bhfoireann chun tabhairt faoi ag laghdú na foirne ó 61 go 16 i rith na míonna beoga seo romhainn. Deireann an comhlacht nach bhfuil aon rogha acu ach éirí as déantús táirgí áirithe a bhfuil siad ag cailleadh airgid orthu le tamall maith anuas. Is modúil chuimhne do ríomhairí atá mar phríomh-tháirge ag an gcomhlacht.

Is pacáiste iomarcaíochta deonach atá i gceist agus tá an bunús atá leis curtha in iúl don fhoireann agus beidh an próiseas a bhaineann leis sin á phlé leo i rith mhí na Nollag agus Eanáir. Beidh 16 ball foirne á gcoinneáil ag an gcomhlacht i mbun seirbhíse pacáistithe saintáirge agus mar bhuíon tacaíochta don mháthair-chomhlacht. Tá an comhlacht ag súil go bhfillfidh an grúpa ar bhonn brabúis amach anseo agus go mbeifear in ann an comhlacht sa Spidéal a fhás in athuair.

Tá ranníocaíocht fiúntach déanta ag Dane-Elec Teo go náisiúnta agus go háitiúil ó bunaíodh é sa Spidéal i 1996. Thosaigh siad le naonúr fostaí agus d’fhás an fhostaíocht go 106 in 2008 le meán-fostaíocht de 63 thar na blianta. Tá an mháthair-chomhlacht lonnaithe sa Fhrainc.