Lá Eolais faoi dheiseanna fostaíochta, cúrsaí oideachais agus traenála á eagrú i nGaoth Dobhair

13 Bealtaine, 2013

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag eagrú lá eolais le sonraí a thabhairt faoi dheiseanna fostaíochta, cúrsaí oideachais agus traenála i gceantar Dhún na nGall, in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair ar 23 Bealtaine 2013, idir 10r.n. agus 4i.n. Bheadh an Lá Eolais oiriúnach do dhaoine atá ag lorg poist nó ar suim leo tabhairt faoi chúrsa oideachais nó traenála.

Beidh aoichainteoirí ón VEC, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Donegal Local Development Company (DLDC), Skillsnet, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Muintearas agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag déanamh cur i láthair ar an lá faoi scéimeanna fostaíochta, cúrsaí oideachais agus traenála.

Beidh seastáin eolais ag na heagraíochtaí seo agus eagraíochtaí oiliúna agus traenála eile. Chomh maith le sin beidh deis ag daoine labhairt le comhairleoirí gairmthreorach.

Tá an Lá Eolais saor in aisce don phobal agus cuirfear sólaistí ar fáil ag am lóin. Le háit a chur in áirithe cur glaoch ar Údarás na Gaeltachta, 074 9560100.
Clár an lae le fáil thíos;