Infheistíocht faighte ag Cambus Teo ón chomhlacht feistí leighis Helix Medical agus 35 post nua cinntithe dá bharr

13 Lúnasa, 2012

nóiméad léite

Tá Cambus Teo atá lonnaithe ar Eastáit Tionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile an tSagairt sa Spidéal, tar éis infheistíocht a aimsiú ó Helix Medical, déantúsóir domhanda sna hearnálacha feistí leighis agus cúram sláinte. Mar chuid den socrú seo, cuirfidh Helix Medical maoiniú ar fáil do Chambus Teo le haghaidh tuilleadh forbartha agus glacfaidh siad scair seilbhe caoga faoin gcéad sa chomhlacht.

Dúirt Barry Comerford, Bainisteoir Stiúrtha Cambus Teo, “Cuireann láithreacht dhomhanda Helix Medical i gcuideachta leis na cumais innealtóireachta agus déantúsaíochta comhlántacha atá ag Cambus deis iontach ar fáil dúinn le forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí an chomhlachta. Cuireann an chomhpháirtíocht seo ar ár gcumas ár n-áitreabh a dhúbailt, cuir lenár mbonn teicneolaíochta agus leathnú a dhéanamh ar líon na dtáirgí a sholáthraíonn Cambus dá gcustaiméirí ar fud an domhain.”

Tá 50 duine fostaithe ag Cambus Teo faoi láthair. “Cuireann infheistíocht Helix Medical dlús le forbairt straitéiseach an chomhlachta go dáta, cuireann sé bonn buan faoi Chambus do fhás agus leathnú leanúnach sa todhchaí agus cinntíonn sé cruthú 35 post nua roimh dheireadh 2013”, a dúirt John Farragher, stiúrthóir Cambus Teo. Dúirt sé fosta go mbeidh an comhlacht ag cur túis le próiseas earcaíochta gan mhoill le haghaidh poist innealtóireachta, táirgeachta agus bainistíochta.

Forbraíonn, dearann agus táirgeann Cambus Teo, a bunaíodh in 2006, comhpháirteanna criticiúla d’fheistí leighis mion-ionracha a úsáidtear in idirghabhálacha diagnóiseacha agus teiripeacha, go formhór hipea-fheadáin ardbheachta agus réitigh mhicrea-comhpháirteanna d’ardchórais chataitéir.

Is comhlacht déantúsaíochta saincheaptha domhanda é Helix Medical, a tháirgeann earraí do thionscail fheistí leighis agus cúram sláinte. Tá Helix Medical mar pháirt den Ghrúpa Freudenberg a fhostaíonn os cionn 37,000 duine in 58 tír. Dúirt Dr Jorg Schneewind, Uachtarán agus Príomhfheidhmeannach Helix Medical, “Tá Cambus Teo, ag a bhfuil nua-theicneolaíocht agus foireann le sárthaithí lonnaithe go straitéiseach le freastal ar an mhargadh do chomhpháirteanna cataitéir ardbheachta. Cuireann Cambus Teo príomh-chomhpháirt teicneolaíochta eile lenár bpunann táirgí agus is léiriú an infheistíocht seo ar chéim thábhachtach sa straitéis fadtéarmach atá againn eagraíocht domhanda cuimsitheach a thógáil a bheidh mar pháirtnéir straitéiseach ag déantúsóirí feistí leighis.”

Chuir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, fáilte roimh an fhógairt, “Cuirfidh infheistíocht Helix Medical le dlús forbartha Cambus Teo agus cinnteoidh sé forbairt an chomhlachta sa todhchaí. Déanaim comhghairdeas le stiúrthóirí Cambus Teo as a dtiomantas leanúnach a thug an chomhlacht go dtí an staid rathúil seo. Tá An tÚdarás ag súil go mór le bheith ag oibriú leis an chomhlacht agus tacú leis na pleananna forbartha atá acu.”

Dúirt Barry Comerford chomh maith “Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta, ár infheisteoirí príobháideacha Quintas Wealth Management Fund, DHKN Corporate Finance i gcuideachta le AIB Seed Capital Fund agus Coimisiún Forbartha an Iarthar a thug tacaíocht d’fhorbairt agus fás an chomhlachta ón tús, agus buíochas speisialta lenár bhfoireann iontach atá lárnach i bhfás rathúil domhanda Cambus Teo.