Infheistíocht de €120,000 sa turasóireacht chultúrtha i gCorca Dhuibhne ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta

8 Bealtaine, 2018

nóiméad léite

Déanfaidh tacaíocht de luach €120,000 atá fógartha ag Údarás na Gaeltachta d’fhorbairt tograí straitéiseach turasóireachta ar leithinis Chorca Dhuibhne inniu (8/5/18) cur leis an tionchar atá ag earnáil na turasóireachta ar gach paróiste sa dúthaigh. Faoin Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta a cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta anuraidh tá tacaíocht ceadaithe do dhá thogra turasóireachta i gCorca Dhuibhne – Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne agus Coiste Shlí Chorca Dhuibhne.
Cuirfidh an tacaíocht deontais, €60,000 thar tréimhse dhá bhliain, atá ceadaithe don dá thogra straitéiseach turasóireachta seo lena gcumas post a chruthú chun cur leis an gcumas bainistíochta forbartha, margaíochta agus feidhmiúcháin atá acu.
Cuideoidh an dá phost turasóireachta atá á gcruthú leis an tairbhe is mó gur féidir a bhaint as acmhainní cultúrtha agus nádúrtha na leithinise agus le féilte ar nós Féile na Bealtaine agus Féile ‘May the Fourth’ ar éirí thar barr leo an deireadh seachtain seo.

Beidh tacaíocht faoin scéim á thabhairt do dhá thogra ar leith i gCorca Dhuibhne:

Coiste Shlí Chorca Dhuibhne:
Chun tacú le forbairt agus bainistiú inmharthanach a dhéanamh ar Shlí Chorca Dhuibhne, ag tógáil ar an acmhainn nádúrtha luachmhar atá ar fáil sa gceantar Gaeltachta seo. Siúlóid náisiúnta slí mharcáilte de 178km ar fhad é Slí Chorca Dhuibhne atá le forbairt mar chuid dílis don earnáil turasóireachta sa réigiún. Tá sé i gceist go mbeadh Oifigeach Turasóireachta fostaithe chun cabhrú leis an gcoiste agus páirtithe leasmhara eile bainistiú agus uasghrádú go caighdeán domhanda a dhéanamh ar Shlí Chorca Dhuibhne agus siúlóidí nua a aithint i gcomhair le grúpaí áitiúla.

Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne:
Chun tacú leis an gComhaontas pacáistí, pleananna turais agus eispéireas nua a fhorbairt ag tagairt do théamaí láidre Gaeltachta, teanga, cultúir agus Slí an Atlantaigh Fhiáin ar fud leithinis Chorca Dhuibhne. I measc príomhaidhmeanna an Chomhaontais tá earnáil na turasóireachta taobh amuigh de shéasúr an tSamhraidh a fhorbairt chun cuairteoirí a mhealladh go dtí an leithinis ó cheann ceann na bliana agus postanna lánaimseartha a chruthú dá bharr. Tá súil acu daoine a mhealladh le tréimhse níos faide a chaitheamh sa cheantar go háirithe ag bailte beaga taobh amuigh de bhaile an Daingin.

Tugadh cuireadh i ndeireadh 2017 do thograí straitéiseacha turasóireachta Gaeltachta iarratais a dhéanamh ar an Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta agus tá sé de chead ag na tograí an tacaíocht i gcumas bainistíochta a úsáid de réir mar is mian leo i gcúrsaí bainistíochta forbartha, margaíochta agus feidhmiúcháin de réir riachtanais agus staid forbartha na dtograí. Forbrófar clár oiliúna foirmeálta do na hoifigigh a cheapfar i gcomhar le hinstitiúidí tríú leibhéal chomh maith.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, “Ag leanacht don mhór dheireadh seachtaine turasóireachta a bhí i gCorca Dhuibhne tá ríméad orainn a bheith in ann tacaíocht do dhá thogra turasóireachta straitéiseach Gaeltachta a fhógairt inniu faoinár Scéim Forbartha Bainistíochta Turasóireachta. Is mór againn chomh maith an comhoibriú a bhíonn againn le Comhairle Chontae Chiarraí, Fáilte Éireann agus páirtithe leasmhara eile i bhforbairt na turasóireachta i gCiarraí Thiar. As lámha a chéile tá súil againn gur féidir forbairt a dhéanamh ar an acmhainn bainistíochta seo agus a chinntiú go bhfuil na scileanna riachtanacha cuí i gcomhair bainistíocht tograí turasóireachta ins na ceantracha Gaeltachta forbartha agus ar fáil.”