Iasachtaí Críonna Teo

11 Deireadh Fómhair, 2007

nóiméad léite

Ag éirí as géarchéim chreidmheasa i margadh na n-iasachtaí le déanaí, b’éigean don ghrúpa Contact 4 scaoileadh le timpeall 50 oibrí ar an iomlán, 40 acu seo i nGlaischú agus 10 i nGaoth Dobhair. As an 32 duine a d’fhág Iasachtaí Críonna Teo i nGaoth Dobhair, bhí 20 dóibh seo fostaithe ar chonradh gearr théarmach ar feadh tréimhse an tsamhraidh agus go raibh deireadh ag teacht le gcuid conraithe nuair a scaoileadh leo.

Feidhmíonn Iasachtaí Críonna Teo mar dhroichead idir na custaiméirí agus na comhlachtaí morgáistí agus iasachtaí bancanna san áireamh. Cuireadh deireadh tobann le rátaí speisialta úis agus dreasachtaí eile nuair a thosaigh an ghéarchéim timpeall dhá mhí ó shoin agus bhain sé sin an bonn de ghnó Iasachtaí Críonna Teo.

D’eascair an ghéarchéim chreidmheasa as athbhreithniú tobann ar théarmaí creidmheasa d’iasachtaí fo-phríomha de bharr margadh na n-iasachtaí sin a bheith ina chíor thuathail i Meiriceá. B’é an sampla ba mhó a léirigh an ghéarchéim seo don phobal ná an banc Northern Rock a raibh na scuainí daoine ag a chuid doirse ag iarraidh a gcuid airgid ar ais de bharr imní faoina thodhchaí. Thug Seainsiléar na Breatainne féin barántas don bhanc sa chás sin.

De thoradh na géirchéime seo chaill an comhlacht Contact 4 go leor gnó agus go leor airgid. B’éigean do na príomhaithe breis airgid a chur isteach sa ghrúpa le coinneáil i mbun trádála, agus b’éigean dóibh an fhoireann a ghearradh anuas go dtí an leibhéal gnó atá acu.

Ag éirí as cruinniú leis an bpríomhaí Pierce Flynn deimhníodh aréir:

  • go bhfuil infheistíocht substaintiúil curtha isteach sa chomhlacht na scairshealbhóirí le stáid airgeadais an chomhlachta a neartú
  • nach bhfuil aon impleachtaí ag fadhb reatha Iasachtaí Críonna Teo do na hionaid teagmhála chustaiméara sa Daingean agus in Acaill;
  • go mbeidh an comhlacht ag dul ar aghaidh leis an ionad nua teagmhála custaiméirí I gCill Charthaigh I dtús 2008;
  • go bhfuil an comhlacht dóchasach go socróidh an margadh creidmheasa síos idir seo agus an Nollaig agus go dtiocfadh athfhás ar ghnó agus leibhéal fostaíochta Iasachtaí Críonna Teo ina dhiaidh sin.