I dTreo Polasaí Oideachais Ghaeltachta – Comhdháil

14 Márta, 2007

nóiméad léite

Tá sé fógraithe ag Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta go mbeidh comhdháil dhá lá á eagrú acu ar an téama “I dTreo Polasaí Oideachais Ghaeltachta” in Óstán Chósta Chonamara sna Forbacha ar an 18-20 Aibreán. Siad na téamaí a bheidh faoi chaibidil ag aoichainteoirí ó Éirinn agus thar lear ná polasaí Gaeilge sa scoil Ghaeltachta, oiliúint agus forbairt ghairmiúil múinteoirí, struchtúr an oideachais Ghaeltachta, agus an scoil agus an pobal.

I measc na bpríomhchainteoirí a bheidh ag roinnt a gcuid saineolais agus tuairimí le lucht freastail na comhdhála tá:

  • Seán Ó Floinn, Príomhchigire Cúnta ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta;
  • Dr. Hywel Glynn Lewis, Comhordaitheoir ar an gCúrsa MA sa Léann Dátheangach, Coláiste na Tríonóide, Caermarthen, An Bhreatain Bheag;
  • Dr. Daniel Bourgeois, Ollscoil Moncton, Ceanada;
  • Dr. Peadar Ó Flatharta, Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath;
  • Joe Mac Donnchadha & Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge;
  • Agus Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, agus Midheál Ó Mórain, SN Lios Póil.

Sé an leagan amach a bheidh ar an gComhdháil ná seisiúin ar leith leis na haoichainteoirí, plé ar an taighde is déanaí atá ar fáil, ceardlanna oibre agus aontú ar phríomh-mholtaí le cur ar aghaidh chuig na hAirí Oideachais agus Eolaíochta agus Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Tá an Chomhdháil seo dírithe go príomha ar pháirtithe leasmhara an oideachais Ghaeltachta – príomhoidí agus múinteoirí ón dá leibhéal oideachais, ionadaithe ó choistí bainistíochta, lucht na gCoistí Gairmoideachis, patrúin scoileanna agus ionadaithe ó eagrais státurraithe a mbíonn plé acu le cúrsaí oideachais Ghaeltachta.

Tá an chomhdháil á heagrú ag Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus an tÚdarás i bpáirt le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.