Gorlann na Gaeilge oscailte go hoifigiúil

20 Feabhra, 2009

nóiméad léite

Ag ócáid a bhí ar siúl i gComharchumann Shailearna Teo inniu (20 Feabhra), d’oscail Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Gorlann na Gaeilge, togra de chuid an Chomharchumainn go hoifigiúil.

Is foirgneamh athchóirithe d’ardchaighdeán é Gorlann na Gaeilge ina bhfuil spás oifige, ríomhlann agus cistin atá lonnaithe taobh thiar d’oifigí an Chomharchumainn in Indreabhán. Chosain an obair fhorbartha €160,000, 80% den chostas a bhí maoinithe ag an Údarás agus an chuid eile ag an gComharchumann.

Tá na comhlachtaí Fíbín agus Breacán lonnaithe san ionad nua seo, tá oifig ag Scéim Fostaíochta Pobail Chois Fharraige ann agus is ann atá Scéim Bhéaloidis Chois Fharraige á reáchtáil. Idir na tograí go léir, tá fostaíocht, idir lán-aimseartha agus páirtaimseartha, á chur ar fáil do 28 duine agus tá suas le 30 duine páirteach i scéimeanna.

Ag labhairt dó ag an oscailt, dúirt Pádraig Ó hAoláin “Is iontach an áis í seo do phobal an cheantair. Tá creidiúint mhór ag dul do Chomharchumann Shailearna as ucht an sár-obair atá déanta acu agus an réimse leathan seirbhísí tacaíochta atá á gcur ar fáil acu do phobal an cheantair. Beidh an gorlann gnó seo mar chúltaca breise don phobal.”

Tá Comharchumann Shailearna Teo ar an bhfód ó 1984 ag soláthar réimse seirbhísí do phobal an cheantair agus tá go leor tograí nua cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta idir lámha aige.