Forbairt shuntasach déanta i nGaillimh ag HID Global, príomhfhorbróir pasanna leictreonacha

6 Bealtaine, 2010

nóiméad léite

D’fhógair HID Global inniu go bhfuil ardú de 22% ar an líon poist atá sa chomhlacht atá acu i gConamara. Soláthraíonn HID Global réitigh slán-aitheantais agus tá cheanncheathrú an chomhlachta lonnaithe i gCalifornia. Cruthaíonn HID Global Ireland Teoranta táirgí bainteach le rochtain agus aitheantas ar nós pasanna leictreonacha agus svaidhpchártaí éadadhaill.

Ag fógairt na forbartha thábhachtaigh seo, dúirt Jason Bohrer, Leasuachtarán Sinsearach, HID Operations, “Tá an chuid is mó de thíortha na hEorpa, chomh maith lena lán tíortha lasmuigh den Eoraip, anois ag eisiúint pasanna leictreonacha atá inléite ag meaisíní.
Tugann an leathnú atá déanta ag ár ngnó eRialtas i gConamara deis dúinn leibhéal táirgeachta i bhfad níos mó a bhaint amach i sleasa lárnacha ina mbíonn micrishliseanna neadaithe. Úsáidtear iad seo mar an phríomh chomhpháirt i ndéantúsaíocht eDocs, ePhasanna agus eNIDs (Electronic National ID Cards), agus tabharfaidh sé sin deis dúinn an t-éileamh atá orthu in os cionn 30 tír a shásaimh.

Faoin mbliain 2014, beidh luach de beagnach $7 billiún sa bhliain ag an margadh ePhasanna, le ráta fáis bliantúil dlúthshocraithe ag 31.5%, de réir Thuarascáil Faisnéise Mhargaidh a rinneadh le déanaí. Deireann siad gur pasanna leictreonacha a bhéas in 88% de na pasanna go léir a eiseofar in 2014. Is ePhasanna a bhí in 57% de na pasanna go léir a eisíodh agus 28% de na pasanna go léir a bhí i bhfeidhm in 2009.

Chuir Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta fáilte roimh chinneadh HID Global a ngnó eRialtas a chomhtháthú i nGaeltacht Chonamara. “Tá HID Global ag lárú an réimse taighde, forbartha agus déantúsaíocht táirgí eRialtas go léir i gConamara. Ae an chinneadh is suntasaí tá an cinneadh le poist taighde agus forbartha lán-aimseartha a lonnú ar an Tulach. Is cinnte go mbeidh cáipéisíocht slán ar nós ePhasanna comónta go maith sna cúpla bliain seo amach romhainn. Forbrófar iad seo i gConamara agus beidh siad ar iompar ag na milliúin daoine ag taisteal an domhain. Is vóta muiníne sa cheantar, san fhórsa saothair agus i ngeilleagar na hÉireann é infheistíocht shubstaintiúil atá déanta ag HID Global ar an Tulach.

Ligeann na sleasa lárnacha leictreonacha seo agus na réamhlannáin slán éadadhaill a tháirgeann HID Global i gConamara do rialtais ar fud an domhain a gcuid ePhasanna agus doiciméid leictreonacha eile a dhéanamh níos sláine. Tá na sleasa ina bhfuil micrishlis greamaithe sár-shlán agus laghdaíonn siad an seans go ndéanfaí botúin i gcás fíordheimhnithe nó falsú cáipéisí. Ag baint úsáid as teicneolaíocht phaitinnithe, ar a n-áirítear ábhar ceFLEX agus teicneolaíocht sreag-aistrithe (wire transfer), tá réitigh HID Global deartha chun cur le saolré na eDocs, agus ag an am céanna in ann caitheamh meicniúil laethúil a sheasamh agus baol calaoise a laghdú. Chomh maith le bheith ag leathnú a gcuid táirgeachta, beidh foirne innealtóireachta déantúsaíochta agus eDocs HID Global i gConamara ag tacú le forbairt agus déantúsaíocht teicneolaíochtaí breise eRialtais agus réitigh do chustaiméirí reatha, beidh siad ag an am céanna ag sásamh riachtanais chustaiméirí nua.

Eolas faoi HID Global
Tá HID Global chun cinn i réitigh a sholáthraíonn aitheantas slán do na milliúin custaiméirí ar fud an domhain. Aitheanta de bharr a gcaighdeán láidir, dearaí nuálacha agus ceannaireacht thionsclaíochta, is é HID Global an soláthraí roghnaithe do dhéantóirí buntrealaimh (OEM’s), do shuimeálaithe córais agus d’fhorbróirí feidhmchláir a fhreastalaíonn ar réimse leathan margaí, ar a n-áirítear rialúchán rochtana fisiciúil agus loighciúil, pearsanú cártaí, eRialtas, íocaíochtaí neamhairgid thirim, tionsclaíocht agus lóistíocht. Tá os cionn 1,500 fostaí ar fud an domhain ag HID Global, ag a bhfuil a gceanncheathrú in Irvine, California, agus tá oifigí idirnáisiúnta acu a thacaíonn le os cionn 100 tír. Is branda den ghrúpa ASSA ABLOY é HID Global. Téigh chuig www.hidglobal.com chun tuilleadh eolais a fháil.

Is féidir eolas breise ar phunann iomlán réitigh eRialtas HID Global a fháil thíos;