Forbairt bhreise a dhéanamh ag Mara Beo sa Daingean le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta

2 Samhain, 2010

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i gCill Airne Dé hAoine seo caite (29 Deireadh Fómhair) cheadaigh an Bord deontas caipitil de beagnach €100,000 do Mara Beo Teo le tacú leis an chomhlacht ionad nua taispeántais a fhorbairt.

Tá sé beartaithe ag Mara Beo ionad taispeántais speisialta do phiongain a fhorbairt ar an suíomh díreach taobh thiar den Ionad Mara atá ann faoi láthair. Beidh ar a laghad 10 bpiongáin le feiceáil san ionad taispeántais, ina mbeidh aeráid fuar mar a bheadh san Antartach. Tá sé i gceist tús a chur leis an fhorbairt seo go luath agus tá sé beartaithe go mbeidh an t-ionad réidh le hoscailt don phobal ag aimsir na Cásca 2011.

Dúirt Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt, Údarás na Gaeltachta “Tá Mara Beo Teo ar cheann de na tionscnaimh turasóireachta is straitéisí sa tír. Téann timpeall 100,000 cuairteoir tríd an ionad gach bliain agus cuideoidh an fhorbairt nua seo, ina bhfuil infheistíocht de os cionn leath mhilliún Euro a dhéanamh, cuairteoirí nua a mhealladh chomh maith le daoine a thug cuairt cheana a mhealladh ar ais. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfadh comhlachtaí infheistíocht i bhforbairtí agus i dtáirgí nua agus is cinnte go gcabhróidh an infheistíocht nua seo an tionscal turasóireachta ar leithinis Chorca Dhuibhne a chur chun cinn. Is léir go gcuirfear leis an líon fostaíochta agus leis an eacnamaíocht áitiúil dá bharr”.