Foirgneamh ceannaithe ag Randox Laboratories ó Údarás na Gaeltachta ar an Chlochán Liath le hinfheistíocht €1 milliún

26 Meán Fómhair, 2011

nóiméad léite

Léirigh Randox Teo inniu (26 Meán Fómhair) a thiomantas dá ghnó ar an Chlochán Liath trí an fhoirgneamh atá ar léas aige ón Údarás a cheannach ar chostas €1 milliún. Déanfaidh an infheistíocht a fógraíodh inniu san fhoirgneamh, aonad déantúsaíochta, taighde agus forbartha diagnóiseach Randox Teo a bhuanú.

Chas an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D le príomhfheidhmeannach an chomhlachta, Peter Fitzgerald, inniu ar an Chlochán Liath, áit a raibh na doiciméid oifigiúla á síniú. Dúirt an tAire Stáit go “ Léiríonn cinneadh Randox Teo muinín an chomhlachta sa cheantar agus i dtodhchaí an ghnó ar an Chlochán Liath – is millteanach dóchasach dúinn scéala an lae inniu, go bhfuil an comhlacht seo breá sásta infheistíocht fhiúntach mar seo a dhéanamh.”

D’fhógair Randox Laboratories Ltd trí bliana ó shín go mbeadh sé ag forbairt áis déantúsaíochta, taighde agus fhorbartha dhiagnóiseach ar an Chlochán Liath le hinfheistíocht iomlán €7.5 milliún le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Tá 20 duine fostaithe sa ghnó seo faoi láthair agus tá an comhlacht ag súil go dtiocfaidh méadú suntasach ar an uimhir sin sa bhliain amach romhainn.

Dúirt Peter Fitzgerald, Príomhfheidhmeannach Randox Teo, “Tá muid thar a bheith sásta leis an áis anseo ar an Chlochán Liath. Tá muid ag súil go dtiocfaidh fás ar líon na bhfostaithe anseo go luath agus muid ag cur leis an leibhéal táirgeachta agus leis an infheistíocht taighde agus forbartha.

Táirgeann Randox Laboratories réimse leathan táirgí a úsáidtear in ospidéil, saotharlanna taighde agus fóiréinseacha, comhlachtaí cógaisíochta, eagraíochtaí thástáil spórt agus clinicí tréidliachta in os cionn 145 tír ar fud an domhain. Soláthraíonn an t-aonad ar an Chlochán Liath táirge anailíseoir chliniciúil an chomhlachta agus is ann atá ceann de phríomhshaotharlanna Taighde agus Forbartha an chomhlachta. Cuirfidh Randox Teo tús le déantús bhith-shliseanna (biochips) sna míonna amach romhainn agus tá an comhlacht ag fanacht ar insealbhú líne déantúsaíochta atá tógtha go speisialta le tús a chur leis an obair seo.

Bainfear úsáid as na bith-shliseanna nuálacha seo in ospidéil ar fud an domhain chun cabhrú le diagnóis a dhéanamh ar ghalair. Ba é Randox an chéad chomhlacht sa domhan a sholáthar bith-shlis uathoibrithe próitéine, a úsáidtear chun iltástáil a dhéanamh. Ligeann an bith-shlis do thaighdeoirí agus d’anailísithe iltástála a dhéanamh ag úsáid sampla amháin fola.