Fógraí déanta maidir le cúig Limistéir Pleanála Teanga nua

28 Meán Fómhair, 2015

nóiméad léite

Údarás na Gaeltachta ag lorg iarratais ó eagraíochtaí ar suim leo tabhairt faoi phleananna teanga sna Limistéir sin

Tá cuireadh á thabhairt ag Údarás na Gaeltachta d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí pobail sna cúig Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá fógartha iarratas a dhéanamh le bheith mar cheann-eagraíocht pleanála teanga sna limistéir sin. Is iad na 5 Limistéar Pleanála Teanga atá fógartha ná Oileáin Árainn; Ráth Chairn agus Baile Ghib; Maigh Eo Thuaidh (Ceantar Iorrais); Tuaisceart Dhún na nGall (ceantar Fhánada, Ros Goill agus na Dúnaibh), agus Toraigh.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Tá tús curtha ag 13 Ceanneagraíocht le hullmhú pleananna teanga i 13 Limistéir Pleanála Teanga faoi láthair. Tá cúig Limistéir eile fógraithe anois agus tá an tÚdarás ag lorg iarratais ó eagraíochtaí/coistí ar suim leo a bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga sna limistéir sin.”

Is é an 20 Samhain 2015 an spriocdháta le hiarratais a bheith curtha faoi bhráid an Údaráis. Beidh cruinnithe eolais á n-eagrú ag Feidhmeannaigh an Údaráis sna limistéir sin go luath sna seachtainí amach romhainn. Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos;