Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú €2M do thogra ar Pháirc na Mara

4 Nollaig, 2018

nóiméad léite

An Gaeltacht GAA Pitch at Gallaras. Photograph by Mossy Donegan
An Gaeltacht GAA Pitch at Gallaras. Photograph by Mossy Donegan

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra atá déanta ag an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta Heather Humphreys T.D inniu (03/12/2018) go mbeidh maoiniú caipitil de €2m á chur ar fáil do MICD Páirc na Mara, comhfhiontar idir Údarás na Gaeltachta, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Mhaigh Eo, chun ionad nuálaíochta agus forbartha mara a fhorbairt ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe.

"Is dea-scéal é seo don earnáil mhara go réigiúnach agus go náisiúnta"

Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Tá an maoiniú seo ceadaithe faoin dara babhta den chiste forbairt fiontraíochta réigiúnach atá ag Fiontraíocht Éireann agus tá infheistíocht gnáthscaireanna de €400,000 á chur ag Údarás na Gaeltachta leis an togra chomh maith.

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirtíocht le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo chun 1,800 méadar cearnach de spás fiontraíochta agus gorlainne a fhorbairt d’fhiontair mara agus taighde. Beidh traenáil, oiliúint sonrach agus tacaíochtaí gnó ar fáil ón ionad a bhfuil sé mar sprioc aige tacú le cruthú 200 post ar Pháirc na Mara.

Ag cur fáilte roimh an fhógairt dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Is dea-scéal é seo don earnáil mhara go réigiúnach agus go náisiúnta. Cuirfidh an togra seo go mór leis na deiseanna forbartha atá ann d’fhiontair nuálaíocha chomh maith le deiseanna forbartha taighde chun leas a bhaint as ceann de na hacmhainní nádúrtha is mó atá againn sa tír seo. Táimid fíorshásta a bheith ag obair as lámh a chéile le Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíocht na Gaillimhe – Mhaigh Eo agus páirtnéirí eile ar an togra seo. Tá an togra seo lárnach mar ghníomh sa bPlean Gnímh do Cheantar Iorras Aithneach atá ullmhaithe againn i gcomhar leis an bpobal áitiúil agus a bheidh á chur i bhfeidhm againn sa tréimhse amach romhainn.”