Press Releases

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú don phróiseas pleanála teanga

Tús maidir le próiseas pleanála teanga 3 limistéar Chathair na Gaillimhe fógartha

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfhógra atá déanta ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne T.D., inniu (07/04/17), go mbeidh maoiniú de €735,000 á chur ar fáil aige don Údarás leis an bpróiseas pleanála teanga a thabhairt céim eile chun tosaigh sa Ghaeltacht sa bhliain reatha. Úsáidfear an maoiniú seo le tacú leis na Ceanneagraíochtaí atá ag ullmhú pleananna teanga faoi láthair, agus is údar misnigh don Údarás é go bhfuil soláthar san áireamh san allúntaschomh maith d’fheidhmiú pleananna teanga. Ciallaíonn fógra an lae inniu go bhfuil an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht á thabhairt céim eile chun tosaigh agus tús á chur anois leis an gcéim a bhaineann le pleananna teanga a chur i bhfeidhm – an chéim is tábhachtaí.

Tá tábhacht mhór ag baint le cinneadh na Roinne soláthar suas le €100,000 thar thréimhse 12 mí a chur ar fáil chun pleananna teanga a fheidhmiú sna Limistéir Phleanála Teanga, ag brath ar riachtanais gach cás/Limistéar. Is léir don Údarás, ón bplé atá aige leis na Ceanneagraíochtaí go dtí seo, go bhfuil rathúlacht an phróisis phleanála teanga agus cur i bhfeidhm na bpleananna teanga anois ag brath ar acmhainní foirne a bheith ar fáil leis na bearta atá aitheanta ag an bpobal sa phlean a chur i gcrích.

I bhfianaise figiúirí daonáirimh an lae inné is léir go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bPróiséas Pleanála Teanga anois agus cuireann an tÚdarás fáilte roimh an t-allúntas méadaithe seo don phleanáil teanga sa Ghaeltacht. Is ábhar dóchais é go gcuirfidh an ciste seo ar chumas na gCeanneagraíochtaí oifigigh Gaeilge a fhostú chun cúram a dhéanamh d’fheidhmiú na bpleananna teanga. Aithnítear dua agus tiomantas bhaill na gCeanneagraíochtaí agus a gcuid fochoistí agus an t-am atá curtha isteach acu i réiteach na bpleananna. Tá moladh mór, as a dtiomantas agus as a ndúthracht, ag dul do phobal na Gaeltachta atá ag feidhmiú ar bhonn deonach le todhchaí a chinntiú don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Teastaíonn cur chuige comhtháite atá bunaithe ar dhea-chleachtas pleanála teanga chun pobal teanga a neartú. Tá comhoibriú agus rannpháirtíocht an phobal, an Stáit agus na n-earnálacha príobháideacha agus deonacha ríthábhachtach chun an sprioc seo a bhaint amach.

Ag eascairt as bhogadh ar aghaidh chuig an chéad chéim eile seo beidh deiseanna breise fostaíochta á gcruthú i réimse na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Nuair a bheidh plean teanga faofa ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta do LPT beidh comhaontú agus clár oibre i leith fheidhmiú plean á aontú ag an Údarás do thréimhse seacht mbliana. Mar chuid den chomhaontú sin beidh soláthar d’acmhainne foirne le dualgais shonracha i leith bhearta an phlean teanga a chur i gcrích sa tréimhse aontaithe.

Deir Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Tá laghduithe suntasacha feicthe i ndaonra ceantair Ghaeltachta áirithe i dtorthaí daonáirimh an lae inné agus laghdaithe ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge dá bharr sin agus cúinsí eile. Tréimhse fíor chrua a bhí anseo don tír ar fad ina raibh acmhainní gann agus buiséid gearrtha siar. Leanfaidh an tÚdarás air ag treisiú an cháis go ndéanfaidh acmhainní breise maoinithe a sholáthar le cúram a thabhairt don phróiseas pleanála teanga agus d’fheidhmiú na bpleananna teanga sna 26 Limistéar Pleanála Teanga agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta dá réir. Is trí comhpháirtíocht dhearfach agus ghníomhach idir na bpáirtithe leasmhara is fearr a bhainfear torthaí dearfach amach i leith chur chun cinn na Gaeilge.”

An Próiseas Pleanála Teanga – An Staid Reatha
• Tá 23 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) Gaeltachta i mbun an phróisis pleanála teanga faoi láthair agus Ceanneagraíochtaí ag staideanna éagsúla in ullmhú pleananna teanga. Tá plean teanga freisin á ullmhú do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Dhaingean Uí Chúis faoi láthair.

• Tá dréacht críochnúil de thrí phlean teanga curtha faoi bhráid naRoinne go dtí seo (LPT Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; LPT Chois Fharraige; agus LPT Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh).

• Tá sé i gceist go mbeidh suas le 10 bplean teanga eile réitithe agus curtha faoi bhráid na Roinne roimh dheireadh na bliana seo.

• Tá na chéad chéimeanna á nglacadh faoi láthair le tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga sna trí Limistéir timpeall Chathair na Gaillimhe. Tá sraith cruinnithe poiblí á n-eagrú ag an Údarás i gcomhar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sna trí Limistéir; Bearna agus Cnoc na Cathrach; Oirthear Chathair na Gaillimhe; agus an tEachréidh. Beidh na cruinnithe poiblí ar siúl an 24 Aibreán i gcás Oirthear Chathair na Gaillimhe; an 25 Aibreán i gcás an Eachréidh agus an 27 Aibreán i gcás Bhearna agus Chnoc na Cathrach.