Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh mhaoiniú breise i mbuiséad 2019

9 Deireadh Fómhair, 2018

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an bhfógra atá déanta ag an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan agus Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., go mbeidh maoiniú sa bhreis de €2M á chur ar fáil don Údarás dá bhuiséad in 2019.

Tá ardú de €1.5M i mbuiséad caipitil fógartha a chiallaíonn go mbeidh soláthar caipitil €8.5 milliún ar fáil don Údarás in 2019 le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta. Tá soláthar breise de €500,000 fógartha do ghníomhaíochtaí faoi chiste forbartha pobail, teanga agus cultúrtha an Údaráis as a ndéantar maoiniú ar réimsí forbartha pobail agus cultúrtha éagsúla na heagraíochta. Beidh an t-allúntas breise á chaitheamh go príomha mar mhéadú ar mhaoiniú do Chomharchumainn & Eagraíochtaí Pobalbhunaithe, tacú le Comharchumainn nua a bhunú agus tacú le gníomhaíochtaí forbartha pobail agus turasóireacht chultúrtha.

D’fhógair na hAirí allúntas breise de €600,000 do chúrsaí pleanála teanga chomh maith, a mbeidh sciar de ar fáil do cheanneagraíochtaí Gaeltachta a bheidh ag tabhairt faoi réiteach agus feidhmiú pleananna teanga i rith 2019.
Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, “Cuireann muid fáilte roimh an ardú atá curtha ar an mbonnlíne maidir le ciste caipitil an Údaráis a thacóidh linn agus muid ag cur i bhfeidhm straitéis nua na heagraíochta don tréimhse 2018-2020. Tá spriocanna dúshlánacha agus uaillmhianacha leagtha amach sa straitéis seo agus sa bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 agus cuirfidh an soláthar seo ar ár gcumas gnéithe tábhachtacha dona straitéis seo a chur i bhfeidhm agus fostaíocht bhreise a chruthú sna ceantracha Gaeltachta.

Fáiltíonn muid chomh maith roimh an soláthar breise atá déanta maidir leis an gciste forbartha pobail, teanga agus cultúrtha a chuirfidh ar ár gcumas tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil dár bpáirtnéirí sna comharchumainn Gaeltachta agus le hearnálacha atá tábhachtach don Ghaeltacht ar nós an turasóireacht chultúrtha.

Cuirfidh an t-allúntas sonrach maidir leis an bpleanáil teanga ar ár gcumas agus ar chumas na gceanneagraíochtaí pleanála teanga ar fud na Gaeltachta leanacht leis an obair thábhachtach atá ar siúl maidir le réiteach agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna 26 Limistéar Pleanála Teanga ar fud tíre.”