Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh infheistíocht de €2.5 m in SELC Éireann Teo, Béal an Mhuirthead

14 Meán Fómhair, 2010

nóiméad léite

Tá SELC Éireann Teo, forbróir agus deantóir de rialtáin soilsiú leictreonacha agus fótaichill tar éis infhéistíochta de €2.5m a fháil ó ESB Novusmodus, an ciste teicneolaíochta ghlan agus fuinneamh in-athnuaite.

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta atá ag tabhairt tacaíochta do SELC ó bunaíodh iad “Is aitheantas an infheistíocht seo ó ESB Novusmodus go bhfuil nuálaíocht i gcroílár ghnó SELC, cothóidh sé gnó an chomhlachta sa todhchaí trí chabhrú leo a ngnó idirnáisiúnta a fhorbairt agus cumas táirgthe a mhéadú.”

Táirgeann SELC rialaitheoirí leictreonacha do shoilsiú sráide, ballastaí, fótaichealla, córais chumarsáide agus cloig ama san áireamh. Cuirfidh na réitigh seo barrfeabhais ar shoilse sráide a lasadh, a mhúchadh agus a mhaolú agus beidh ar chumas na réitigh seo an leibhéal soilsiú a athrú de réir choinníollacha éagsúla. Tá an comhlacht in ann tairbhe a bhaint as an athrú i dtreo soilsiú sráide éifeachtúla sa mhargadh mór domhanda, cuidithe ag reachtaíocht comhshaoil na hEorpa agus Mheiriceá.

Tá 45 duine fostaithe ag SELC Teo atá lonnaithe i bPáirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo.