Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an uasghrádú ar sheirbhís leathanbhanda i gceantair Ghaeltachta

26 Lúnasa, 2015

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an obair uasghrádaithe atá déanta ag Eircom Wholesale ar roinnt malartáin sa Ghaeltacht le roinnt seachtainí anuas.

Ciallaíonn an t-uasghrádú seo go bhfuil seirbhís eVDSL ar fáil anois i gceantair áirithe Ghaeltachta agus go bhfuil luasanna de idir 30MB agus 70MB ar fáil ar chostas réasúnta sna ceantair sin agus an tairbhe á fháil ag Páirceanna Ghnó an Údaráis dá bharr.

Beidh an tseirbhís leathanbhanda seo ar fáil ó aon soláthraí a chuireann seirbhís ar fáil tríd an cábla teileafóin, m.sh., Eircom, Vodafone, BT agus araile.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis gur dea-scéala é seo do lucht gnó agus do phobal na gceantar sin. “Ciallaíonn sé go mbeidh riachtanais leathanbhanda mórchuid dár gcliantchomhlachtaí atá lonnaithe sna ceantair á shásamh. Fáiltím chomh maith roimh an obair uasghrádaithe a bheidh á dhéanamh ar mhalartáin i gceantair eile Ghaeltachta sna míonna amach romhainn. Leanfaidh an tÚdarás air lena iarrachtaí chun a chinntiú go bhfuil seirbhís leathanbhanda ardluais ar phraghas iomaíoch ar fáil chuig Páirceanna Gnó agus aonaid fiontraíochta an Údaráis ar fud na Gaeltachta.

Seo a leanas liosta de na malartáin Ghaeltachta a bhfuil uasghrádú déanta orthu le gairid anuas:

– Co. na Gaillimhe:

An Cheathrú Rua
Casla
Tír an Fhia
Indreabhán
Maigh Cuilinn

– Co. Dhún na nGall:

Gleann Cholm Cille
An Charraig
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
An Fál Carrach
Anagaire
An Clochán Liath
Ailt an Chorráin