Fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an fhógra go bhfuil €1 milliún breise ar fáil dó in 2015

10 Nollaig, 2014

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an ráiteas atá déanta ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe Mc Hugh, T.D. tráthnóna go bhfuil soláthar caipitil €1 milliún sa bhreis á chur ar fáil don Údarás dá bhuiséad in 2015. Ciallaíonn seo go mbeidh €7 milliún ar fáil don Údarás in 2015 le díriú ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach an Údaráis gur céim mhór chun tosaigh í seo, “Is vóta muiníne san Údarás an soláthar breise seo, agus san obair thábhachtach atá á déanamh ag an eagraíocht ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá an taoide á casadh anois agus tá an chéad chéim á glacadh le buiséad an Údaráis a ardú, rud a chuideoidh linn tacaíocht a chur ar fáil do thograí straitéiseacha nua in 2015. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit, leis na comhaltaí Boird agus le feidhmeannaigh an Údaráis as ucht na hoibre leanúnaí atá ar siúl le tamall anuas leis na dúshláin airgeadais atá roimh an eagraíocht a chur os comhair an Aire Stáit agus na nAirí Rialtais. Tá lúcháir mhór orm go bhfuil toradh ar an obair seo, agus beidh muid ag iarraidh a chinntiú go leanfaidh an méadú seo sna blianta atá amach romhainn i gcomhthéacs an bhisigh atá ag teacht ar an gheilleagair náisiúnta agus an líon tograí nua atá ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht.”

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach, “ Tá cás á dhéanamh le fada buiséid chaipitil, forbartha pobail agus pleanála teanga an Údaráis a thabhairt go leibhéal réasúnta ar mhaithe le cothú agus forbairt phobal na Gaeltachta. Tá tús á chur leis an bpróiseas sin anois, agus táimid buíoch den Aire, dá fheidhmeannaigh, do bhall an Bhoird agus don Rialtas a chuidigh leis an bhfógra dearfach seo inniu don Ghaeltacht.”

Tags: Buiséad