€1.9 milliún bronnta ag an ESA (Gníomhaireacht Spáis na hEorpa) ar ÉireComposites i gConarthaí Taighde agus Forbartha

28 Meitheamh, 2010

nóiméad léite

Tá sé fógartha ag ÉireComposites Teo, comhlacht as Gaeltacht na Gaillimhe, inniu go bhfuil €1.9 milliún bronnta ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (European Space Agency) ar an gcomhlacht i gconarthaí Taighde agus Forbartha, chun teicneolaíochtaí ilchodach éadrom a tháirgeadh do lainseálaí spáis agus struchtúir satailíte todhchaíoch.

Cruthóidh na conarthaí seo trí phost nua sa chomhlacht – atá ag fáil cúnamh ó Údarás na Gaeltachta – do chéimithe innealtóireachta, agus tacóidh siad le seacht bpost eile idir innealtóirí agus teicneoirí. Tá 55 duine fostaithe sa chomhlacht cheana féin in áis ardtheicneolaíochta ina ndéantar táirgí éadrom aeraspáis agus fuinnimh in-athnuaite in Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Ag fógairt na gconarthaí inniu ag ceanncheathrú an chomhlachta, dúirt an tAire Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta, Batt O’Keefe, T.D., “Tá comhghairdeas le déanamh le hÉireComposites Teoranta as ucht gur éirigh leo na conarthaí seo a fháil ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa. Is dea-shampla é an comhlacht seo ar conas gur féidir le comhlachtaí beaga, atá lonnaithe i gceantar tuaithe, a bheith rathúil i margaí atá thar a bheith iomaíoch, trí na scileanna ceart a fhostú agus díriú ar theicneolaíocht atá thar a bheith nuálach”.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt An Dr. Conchúr Ó Brádaigh, duine de Bhainisteoirí Stiúrtha ÉireComposites, “Is gné an-tábhachtach i bhforbairt acmhainní teicniúla an chomhlachta iad na conarthaí seo a bheith buaite againn agus ligfidh sé don chomhlacht fás sna margaí spáis agus aeraspáis. Le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann agus Údarás na Gaeltachta, táimid ag tnúth le hÉireComposites a fhorbairt ionas go mbeidh sé ar cheann de na comhlachtaí is mó a bheidh chun cinn sna margaí tráchtála spáis agus aeraspáis”.

Ag cur fáilte roimh an fhógairt, dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go bhfuil sé riachtanach go mbeidh rochtain ag comhlachtaí atá bunaithe sa Ghaeltacht ar áiseanna taighde agus forbartha den scoth a ligfidh dóibh a bheith iomaíoch go domhanda. Is sampla maith é an fiontar seo ar dhlúth chomhoibriú idir na gníomhaireachtaí forbartha, a chinntíonn go gcuirtear na deiseanna is fearr atá ar fáil do chliant-chomhlachtaí.

Tá teicneolaíocht Éirecomposites bunaithe ar dhearadh agus ar phróiseáil ábhair ilchodach éadrom gur féidir a úsáid ar bhealaí éagsúla ar a n-áirítear aerárthach, tuirbíní gaoithe, automotive agus spásárthach. Mar thoradh ar chonarthaí Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, beidh ar chumas an chomhlachta na hábhair éadrom seo a fhorbairt a bheidh ábalta timpeallacht foircneach spáseitilt a sheasamh, ar a n-áirítear teocht fhoircneach, brúnna agus suaiteacht, agus ag an am céanna ag laghdú meachán an spásárthaigh agus costais lainseála.