Cúrsa i dTurasóireacht Mara agus Bia Mara do rannpháirtithe Gaeltachta

15 Lúnasa, 2016

nóiméad léite

Tá cúrsa úr páirt-aimseartha atá dírithe ar dhaoine atá ag obair san earnáil turasóireachta mara nó bia mara á sholáthar ag Scoil na Turasóireachta, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (ITLC) faoi láthair. Tá an cúrsa Teastas i dTurasóireacht Mhuirí agus i mBuneolas an Bhia á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

Tá rannpháirtithe ón Ghaeltacht á lorg le páirt a ghlacadh ar an chúrsa a bheidh ar siúl lá amháin sa tseachtain thar 13 seachtain ó Mheán Fómhair go Nollaig 2016 i Scoil na Turasóireachta an ITLC sna Cealla Beaga. Tá an cúrsa seo á chur ar fáil le cuidiú le húinéirí agus le daoine atá fostaithe san earnáil turasóireachta i gCo. Dhún na nGall scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt i réimsí a bhaineann le próiseáil bia mara agus turasóireacht mara. Cuirfear béim faoi leith ar reáchtáil gnó turasóireachta i gceantair cois cósta agus tá sé saor in aisce do rannpháirtithe. Mar chuid den chúrsa tabharfar cuairt ar phróiseálaithe bia mara agus soláthróirí seirbhísí turasóireachta sa chontae le tuigbheáil níos fearr a fháil ar an earnáil.

Beidh an cúrsa ar bun gach Céadaoin sna Cealla Beaga agus chomh maith le deis foghlama faoin earnáil, tá súil go mbeidh deiseanna ag na rannpháirtithe gréasáin a chruthú a bheidh ina cuidiú dóibh agus iad i mbun gnó sa todhchaí.

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go mbeadh ionadaíocht láidir ón Ghaeltacht ar an chúrsa. Tá go leor de Shlí an Atlantaigh Fhiáin i gCo. Dhún na nGall lonnaithe sa Ghaeltacht agus tá ról tábhachtach ag lucht gnó turasóireachta sa Ghaeltacht deiseanna a chruthú le cuairteoirí a mhealladh agus a choinneáil ansin. Moltar do dhaoine a bhfuil suim acu a bheith páirteach áit a chur in áirithe chomh luath agus is féidir.

Is féidir bróisiúr eolais a íoslódáil ag www.udaras.ie nó is féidir tuilleadh eolais faoin chúrsa a fháil trí teagmháil a dhéanamh le Ciarán ó hAnnracháin, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, ciaran.ohannrachain@lyit.ie; (074) 9186603

Bróisiúr don chúrsa le íoslódáil thíos: