Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte roimh 100 post nua beartaithe do Chonamara & Cathair na Gaillimhe

10 Deireadh Fómhair, 2019

nóiméad léite

CLS

Tá Saotharlann Chonamara Teo (Complete Laboratory Solutions (CLS)) ag ceiliúradh 25 bliain i mbun gnó trí cruthú 100 post nua a fhógairt thar an dá bhliain seo romhainn i gcroílár Ghaeltacht na Gaillimhe agus i gCathair na Gaillimhe. Bunaithe le tacaíocht Údarás na Gaeltachta in Ionad Fiontraíochta Ros Muc i 1994 tá fás agus bláthú as cuimse déanta ag Saotharlann Chonamara Teo. faoi stiúir Evelyn O’Toole, bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach, agus d’oscail siad CLS MedPharma i gCathair na Gaillimhe le tacaíocht ó Fhiontraíocht Éireann i 2008.

 

Beidh 18 céimithe eolaíochta comhshaoil agus micribhitheolaithe bia á bhfostú ag seirbhísí uisce agus comhshaoil Shaotharlann Chonamara i Ros Muc le cur leis an 45 duine atá fostaithe san áis Ghaeltachta cheanna féin. Cuireann Saotharlann Chonamara seirbhísí samplála, tástála, anailísí ar chonradh agus torthaí bainistithe ard chaighdeáin ar fáil do chliaint comhshaoil agus bia.

Beidh formhór na bpoist nua, 78, á gcur ar fáil ag CLS MedPharma chun tograí nua agus leathnú ar chonarthaí reatha a bhainistiú ag cuimsiú poist d’anailísí micribhitheolaíochta agus anailíseach i nGaillimh chomh maith le hionaid cliaint i gCorcaigh, Luimneach, Baile Átha Cliath, Port Láirge agus Sligeach. Baineann an cheithre phost eile le poist margaíochta díolacháin agus airgeadais.

 

Is é Saotharlann Chonamara/Complete Laboratory Solutions an saotharlann conartha is mó sa tír atá in úinéireacht phríobháideach agus soláthraíonn seirbhísí samplála, anailíse agus anailísí oilte ar chonradh do chliaint sna hearnálacha bia, comhshaoil, táirgí leighis agus cógaisíochta. Fostaíonn an comhlacht suas le 191 duine a sholáthraíonn seirbhísí d’os cionn 600 cliaint Éireannacha agus idirnáisiúnta.

 

Deir Evelyn O’Toole, Bunaitheoir agus Príomhfheidhmeannach CLS,: “Tá sé dochreidte a bheith ag ceiliúradh 25 bliain i mbun gnó agus tá ríméad orm a bheith ag fógairt poist nua don cheiliúradh speisialta seo. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl don fhoireann bainistíocht, mo chomhghleacaithe ag CLS agus ár gcliaint dá gcuid oibre, dílseachta agus tacaíochta le blianta fada. Léiríonn an méadú ar an bhfoireann ár n-aibíocht mar chomhlacht idirnáisiúnta agus tá an móiminteam cruthaithe againn chun leanacht linn ag fás agus ag cur seirbhísí den scoth ar fáil dár gcliaint a bhuíochas don earnáil bríomhar Teicneolaíochtaí Leighis atá in Éirinn. Is cinnte go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta againn óna chéad laethanta shimplí i 1994 agus táim ag súil go mór leis an gcéad chéim eile.”

 

Chuir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, fáilte mhór roimh an bhfógra : “Tá bród ar Údarás na Gaeltachta as an tacaíocht atá tugtha againn do Shaotharlann Chonamara Teo. ó bunaíodh iad i Ros Muc cosamar 25 bliain ó shin agus déanann muid comhgháirdeachas ó chroí le hEvelyn O’Toole agus a foireann as ucht an dul chun cinn agus fás leanúnach atá déanta acu. Cuireann muid fáilte mhór roimh an bhfógra atá déanta acu leathnú tuilleadh agus poist ard chaighdeán breise a chruthú i Ros Muc a chabhróidh go mór le feidhmiú Plean Gníomhaíochta Forbartha 5 Bliana Iorras Aithneach a seoladh níos túisce i mbliana.”