Cuireadh chuig seimineár i gConamara ar riachtanais oideachais na mionlach teanga

8 Deireadh Fómhair, 2010

nóiméad léite

Labhróidh an saineolaí iomráiteach mionteangacha, an Dr. Daniel Bourgeois, ó Nua-Bhrunsuic, Ceanada, ag seimineár poiblí atá a eagrú ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar bhainistiú an chórais oideachais do mhionlaigh teanga.

Díreoidh caint an Dr. Bourgeois ar riachtanais agus ar bhainistiú an oideachais do mhionlaigh teanga agus ar na impleachtaí atá ag polasaithe stáit ar sheasmhacht na dteangacha mionlaigh.

Deir Dr. Bourgeois gurb é “an t-oideachas an tseirbhís is tábhachtaí is féidir le stát a chur ar fáil do theaghlaigh agus do phobail mhionlaigh atá ag iarraidh a dteanga a chaomhnú. Ba chóir díriú ar na polasaithe agus na gníomhaíochtaí a chleachtar sna scoileanna dá bharr seo agus ba chríonna an mhaise don stát Bord Oideachais a bhunú, a mbeadh lámh ag tuismitheoirí agus baill an phobail ina riaradh, le bainistiú a dhéanamh ar oideachas an mhionlaigh teanga.”

Déanfar plé ar an ábhar seo i gcomhthéacs na Gaeilge sa chóras oideachais le linn na léachta agus ag seisiún oscailte ina dhiaidh.

Beidh an seimineár, atá oscailte don phobal, ar siúl in Óstán na Páirce, An Spidéal, Déardaoin 14 Deireadh Fómhair 2010 ag 8.00in.

Cúlra
Tá an Dr. Daniel Bourgeois ina cheannasaí ar Institiúid Taighde Beaubassin, Moncton, Nua-Bhrunsuic, Ceanada. Roimhe sin ba phríomhfheidhmeannach é ar an Institut Canadien de Recherche en Politiques et Administration Publiques agus ba thaighdeoir sinsearach é san Institut Canadien de Recherche sur les Minorités Linguistiques in Ollscoil Moncton. I measc a chuid foilseachán tá The Canadian Bilingual Districts (2007). Is iomaí tionscadal taighde atá curtha i gcrích aige ar na riachtanais oideachais agus institiúideacha a theastaíonn ó mhionlaigh teanga ina gcomhthéacsanna casta dátheangacha agus ilteangacha. Is saineolaí iomráiteach é ar impleachtaí na bpolasaithe stáit agus réigiúnacha atá dírithe ar mhionlaigh teanga, go háirithe i réimse an oideachais.

Tá sé ag teacht ar cuairt go hÉirinn le léacht a thabhairt in Ollscoil an hÉireann, Gaillimh; le labhairt ag seimineár poiblí i gConamara ar chúrsaí oideachais agus ar riaradh scoileanna i limistéir a bhfuil teanga mhionlaigh á labhairt; le freastal ar sheoladh saothar taighde a réitigh sé don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta – I dtreo Lánbhainistíocht Scoileanna Fraincise i dTimpeallacht Mhionlaigh, agus le labhairt ag Seimineár Fhondúireacht na Gaeilge: Féiniúlacht, Cultúr agus Teanga i Ré an Domhandaithe i mBaile Átha Cliath. Díríonn a chuid taighde go speisialta ar thábhacht an leanúnachais maidir leis na tacaíochtaí agus leis an soláthar institiúideach a chuirtear ar fáil do mhionlaigh teanga. Leagann a thaighde béim ar na riachtanais a bhaineann le hidirchaidreamh éifeachtach bisiúil a chothú idir pobal teanga agus a chuid foras agus institiúidí, go háirithe iad siúd a bhaineann le forás agus teacht in inmhe an duine óig i bpobal mionteanga.