Cruinniú Speisialta de Bhord Údarás na Gaeltachta

13 Meán Fómhair, 2006

nóiméad léite

Ag cruinniú speisialta de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha Dé hAoine seo caite:

ceadaíodh Straitéis Turasóireachta 2007-2010 mar pholasaí an Údaráis i dtaca le forbairt na turasóireachta chultúrtha sa Ghaeltacht. Bainfidh buiséad de €1.5 milliúin le cur i bhfeidhm na straitéise 3 bliana. Mar chuid lárnach den straitéis díreofar ar:

  • sé mhórthogra turasóireachta a fhorbairt ar fud na Gaeltachta, na tograí turasóireachta atá ar an bhfód faoi láthair a bhuanú, agus tograí nua turasóireachta a spreagadh;
  • féiltí agus imeachtaí Gaeltachta a láidriú trí chláir forbartha, traenála, margaíochta agus caidrimh poiblí a chur ar fáil;
  • an Ghaeltacht a bhrú chun cinn mar láthair turasóireachta trí phacáistiú a dhéanamh ar tháirgí éagsúla, margaíocht ar shaoire trí Ghaeilge, i bpáirtíocht le gníomhairí agus dreamanna Gaeltachta;
  • gréasáin eolais a fhorbairt i bpáirtnéireacht leis na Comharchumainn agus eagrais áitiúla Ghaeltachta chun a chinntiú go bhfuil seirbhís eolais forleathan ar fáil do thurasóirí agus lucht eagraithe turasóireachta maidir le táirgí agus seirbhísí na Gaeltachta.
  • ceadaíodh soláthar airgid chaipitil de €350,000 le leathnú a dhéanamh ar Mhonarcha Uimhir a 2, ar Eastát Tionscail An Fhál Carrach agus í a fheistiú mar ghlao-ionad do Chomharchumann Ghael Thionscal Traidisiúnta agus Oidhreachta Teo.
  • pléadh plean gníomhaíochta atá idir lámha ag an Údarás maidir le cothú na fiontraíochta sa Ghaeltacht. Cíoradh an infheistíocht atá á dhéanamh i réimse leathan tacaíochtaí agus dreasachtaí mar chúrsaí oiliúna, meantóireacht, staidéir fhéidearthachta, soláthar spáis oifige agus oibre, comhairle shainiúil ghnó, agus comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí tríú leibhéil agus eagrais eile fhorbartha.