Cruinniú leis an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha

20 Meán Fómhair, 2006

nóiméad léite

Chas Príomhfheidhmeannach an Údaráis Pádraic Ó hAoláin agus Bainisteoir Réigiúnach an Deiscirt Éamonn Ó Neachtain le hArd Rúnaí na Roinne Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha Breandán Ó hEochaidh agus Leas Rúnaí na Roinne sin Cecil Beamish inniu le plé a dhéanamh ar cheistanna atá comónta don Roinn sin agus don Údarás sa Ghaeltacht.

Pléadh stáid an tsoláthar leathanbhanda sa Ghaeltacht, turasóireacht mara, seirbhísí agus forbairtí ag calafoirt Ros a’ Mhíl agus an Daingin, cás na n-iascairí áitiúla i gcomhthéacs athruithe polasaí atá tuartha don earnáil iascaireachta agus deiseanna comhpháirtíochta idir An Roinn, Bord Iascaigh Mhara agus An tÚdarás maidir le deiseanna fostaíochta agus ioncaim d’iascairí sna pobail chois chósta sa Ghaeltacht.