Cruinniú den Fho-Choiste Forbartha Pobail, Comharchumainn, Oileáin & Ceantair Thearcfhorbartha

3 Lúnasa, 2006

nóiméad léite

Ag cruinniú den Fho-Choiste Forbartha Pobail, Comharchumainn, Oileáin & Ceantair Thearcfhorbartha a tionóladh i Sligeach le gairid anuas, pléadh roinnt tionscadail a bhain le forbairt pobail sa Ghaeltacht agus leis na hoileáin.

Pléadh an dul chun cinn suntasach atá déanta ag na Scéimeanna Sóisialta Tuaithe agus Fostaíochta Pobail sa Ghaeltacht ó bunaíodh iad. Tá breis agus 450 duine fostaithe ar an Scéim Sóisialta Tuaithe. Tá 2,400 fostaithe go náisiúnta ar an scéim agus léiríonn na figiúirí sin chomh maith agus atá ag éirigh leo sa Ghaeltacht. Tá breis agus 350 duine fostaithe ar an Scéim Fostaíochta Pobail ar fud na Gaeltachta.

D’fháiltigh an Fo-Choiste roimh an gClár Seirbhísí Pobail a fógraíodh le gairid. Tugadh le fios go bhfuil foirmeacha léiriú spéise seolta chuig POBAL agus go bhfuilfear ag súil le freagra uatha go luath. Is scéim é seo a rachaidh go mór chun tairbhe don Ghaeltacht.

Pléadh torthaí suirbhé ar sheirbhísí iompar ar na hoileáin. Léirigh an suirbhé go raibh seirbhís mhaith ar na hoileáin Ghaeltachta atá ag baint leas as an Scéim Seirbhís Iompar Tuaithe atá a chur ar fáil ag Bealach agus ag Síob Teo.

Pléadh freisin an ról agus an plean oibre a bheidh ag na comharchumainn/eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht le linn an tréimhse 2007-2013. Aontaíodh go mbeadh plean straitéiseach ag gach eagraíocht/comharchumann don tréimhse sin agus go gcuirfear béim ar earnáil áirithe ar nós:

  • fuinneamh
  • turasóireacht
  • forbairt pobail
  • buanú agus forbairt na Gaeilge agus cultúr na Gaeltachta
  • seirbhísí pobail