Cruinniú de Choiste Réigiúnach Chonnacht Laighean – Bealtaine 2012

4 Bealtaine, 2012

nóiméad léite

Ag cruinniú de Choiste Réigiúnach Chonnacht Laighean d’Údarás na Gaeltachta i gCarna an tseachtain seo, ceadaíodh líon tograí nua ina mbeidh 59 post á gcruthú nuair a bheidh na forbairtí iomlána atá beartaithe, curtha i gcrích.

Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil fúthu in am trátha. Le linn an chruinnithe chas an Coiste Réigiúnach le toscaireachtaí ó Phléaráca Teo, Comharchumann Sliogéisc Chonamara, Forbairt Chonamara Láir Teo agus Cumann Forbartha Chois Fharraige.