Cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean

18 Meitheamh, 2008

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean in Oifig Chomhairle Pobail an Spidéil Teo ar 18 Meitheamh 2008.

Ag cruinniú le toscaireacht ó Chomhairle Pobail an Spidéil Teo pléadh na hábhair seo leanas:

Coláiste Chonnacht:
Chuir an Chomhairle Pobail in iúl go raibh sé sásta comhoibriú le hiontaobhaithe an choláiste d’fhonn réiteach a aimsiú ar na fadhbanna atá ag cur bac ar fhorbairt an choláiste.

Leabharlann an Spidéil:
Tá súil go mbeidh iarratas á dhéanamh ar chead pleanála go luath le forbairt a dhéanamh ar Leabharlann an Spidéil ionas gur féidir é a úsáid mar ionad nua-aimseartha seirbhísí pobail.

Páirc Spraoi do ghasúir:
Rinneadh plé ginearálta ar na roghanna go dtógfaí páirc spraoi cóngarach don Scoil Náisiúnta atá nua-chóirithe.

Ceadaíodh cúnamh do 14 togra éagsúil ag an gcruinniú. San áireamh anseo tá:

  • Western Ironcraft Ltd., Baile Chláir na Gaillimhe, gnó saothraithe iarainn atá ag cruthú trí phost breise.
  • Rí na Mara Teo, an gnó táirgí cosmaidí ón Spidéal atá ag déanamh staidéar ar na deiseanna táirgí orgánach a fhorbairt.
  • Tearmann Éanna Teo, An Tulach, chun cuidiú leis ardaitheoir a insealbhú i mbus chun freastal ar dhaoine le riachtanais speisialta.
  • C.C. Déantús Ruibéar Teo, Béal an Mhuirthead, atá ag dul i mbun feachtais chun margaí nua a aimsiú thar lear.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach ar Inis Mór, ar 22 Iúil 2008.