Cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean

29 Aibreán, 2008

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean i Halla Pobail Bhaile Ghib, Co. na Mí ar 29 Aibreán 2008.

Chas an Coiste le toscaireacht ó Chomhlacht Forbartha Bhaile Ghib Teo agus thug an Bainisteoir Mícheál Ó Suilleabháin achoimre ar dhul chun cinn na heagraíochta sin ó mhí na Samhna 2006 ar aghaidh. I rith na tréimhse sin cuireadh béim ar leith ar reáchtáil imeachtaí cultúrtha agus seirbhísí den óige.

Pléadh freisin na hiarrachtaí ata á dhéanamh ag an gcomhlacht forbartha lárionad seirbhísí nua pobail a thógáil i mBaile Ghib a fhreastalódh ar sheirbhísí cúraim leanaí, ionad teacht le chéile don óige mar aon le spás oifige agus fiontraíochta. Tá roghanna éagsúla maidir le suíomh á chíoradh faoi láthair agus aontaíodh freisin an t-ábhar a phlé le Comhairle Contae na Mí.

Ceadaíodh cúnamh do 9 dtogra éagsúil ag an gcruinniú, ina measc tá:

  • Cúnamh do seó stáitse samhraidh atá le heagrú ar Inis Mór i mbliana.
  • Comhlacht diúscairt séarachais i ndeisceart Chonamara atá ag cur lena chuid seirbhísí agus ag cruthú cheithre phost breise lánaimseartha
  • Seirbhís lónadóireachta atá le forbairt i gceantar Chasla

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach i gCamus ar 22 Bealtaine 2008.