Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta

12 Nollaig, 2008

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (12 Nollaig) aontaíodh clár caipitil iomlán de €27m don bhliain 2009. San áireamh ar an gclár caipitil sin tá clár tógála ar fiú €12m é. Is laghdú é seo ar chlár caipitil iomlán 2008 (€32.5), ach tá de chuspóir leis srian a chur le caiteachas ar mhaithe le maireachtáil taobh istigh den soláthar laghdaithe airgid atá ar fáil. Tá súil ag an Údarás le luach €5m de shócmhainní a dhíol in 2009.

D’aontaigh an Bord go dtabharfaí tosaíocht i rith 2009 do thograí fostaíocht-bhunaithe agus do chéimeanna le tacú le comhlachtaí atá ann cheana atá ag iarraidh a gcumas iomaíochta a fheabhsú agus a gcuid fostaíochta a chosaint.

Chuir an Príomhfheidhmeannach in iúl don Bhord go raibh dul chun cinn an-sásúil déanta sna cainteanna leis an Aire agus leis an Roinn maidir le riachtanais airgeadais an Údaráis. De thoradh na gcainteanna sin beidh €1m breise caipitil ar fáil don eagraíocht láithreach agus tá dóchas láidir ann go mbeidh toradh dearfach ar an bplé faoin soláthar airgid reatha taobh istigh de sheachtain. Mar sin féin dúirt sé go raibh ciorruithe le cur i bhfeidhm ar gach gné de chaiteachas reatha na heagraíochta i rith 2009 le maireachtáil taobh istigh den soláthar airgid iomlán atá ar fáil ón státchiste agus ó fhoinsí eile. Dúirt sé go raibh sé fíorthábhachtach muinín an phobail agus an lucht gnó san Údarás a choinneáil slán agus go mbeadh céimeanna sonracha á dtógáil i dtús 2009 leis an sprioc sin a bhaint amach.

Ainneoin na gciorruithe atá á gcur i bhfeidhm, tá clár substaintiúil caipitil leagtha amach ag an Údarás don bhliain 2009.