Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha

7 Márta, 2016

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (4 Márta) ceadaíodh soláthar maoinithe €535,000 a íoc le Comhar Naíonraí na Gaeltachta le tacú leis an chomhlacht a chlár gníomhaíochta do 2016 a chur i bhfeidhm. Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo réimse leathan seirbhísí cúraim leanaí trí Ghaeilge ar fáil idir seirbhísí naíolainne, seirbhísí iarscoile, club bricfeasta do pháistí agus seisiúin do thuismitheoirí agus a bpáistí. Déanann os cionn 1,170 páiste freastal ar sheirbhísí luathoideachais agus bíonn timpeall 200 páiste freastal ar sheirbhísí iarscoile agus eile. Tá cúigear fostaithe ag an chomhlacht go lánaimseartha agus os cionn 140 go páirtaimseartha.

Lena chois sin, cheadaigh an Bord soláthar maoinithe €605,000 do Muintearas Teoranta lena chlár imeachtaí a reáchtáil don bhliain seo. Cuireann Muintearas Teo réimse leathan cúrsaí oideachais agus oiliúna ar fáil do ghrúpaí éagsúla ar fud na Gaeltachta, agus bíonn sé ag plé le cúrsaí luath-oideachas, le réimse na hóige, gníomhaíochtaí buanaithe agus sealbhaithe teanga, scéim na gcúntóirí teanga, agus soláthraíonn sé seirbhís don phobal. Tá 116 duine fostaithe ag Muintearas Teo, idir 18 lánaimseartha, 13 páirtaimseartha agus 85 ar bhunús séasúrach/sealadach.