Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha

18 Nollaig, 2006

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha ar an Aoine 15 Nollaig 2006. Ag an chruinniú sin aontaíodh/ceadaíodh na tograí thíosluaite:

Cló Cheardlann na gCnoc Teo., Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh deontas oiliúna don chomhlacht chun tacú leo cúrsa oiliúna do dhearcealaíontóirí agus do riarthóirí ealaíona a eagrú le haitheantas faoi chóras FETAC.

Turmec Teo., Ráth Chairn, Co. na Mí
Ceadaíodh pacáiste airgeadais, idir deontas chaipitil, oiliúna agus chomhairleoireachta, do Turmec Teoranta le tacú leis an gcomhlacht breis forbairt a dhéanamh.

Ionad Tacaíochta Cónaithe le tógáil i gCarna, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh tacaíocht airgeadais don Dr. Micheál Ó Cathasaigh agus a bhean Sally le hIonad Tacaíochta Cónaithe a thógáil i gCarna. Tá sé i beartaithe Ionad Cónaithe 2,000 troigh cearnach a thógáil ar shuíomh an Tigh Altranais i gCarna. Beidh áit san ionad do 12 aosach.

Lennon Quarries Ltd., Co. Mhaigh Eo
Ceadaíodh deontas caipitil don chomhlacht Lennon Quarries Ltd. chun tacú leis planda iomlán próiseála nua a insealbhú i ngnó caireálachta i nGleann a’ Chaisil. Cuirfear méadú le leibhéal táirgíochta agus le caighdeán na dtáirgí sa ghnó dá bharr.

Pita Éireann Teo., Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh pacáiste airgeadais don chomhlacht Pita Éireann Teo. chun tacú leis an chomhlacht táirgí smailceanna sláintiúla (Arán Pita) a fhorbairt. Beidh an comhlacht ag dul i mbun gnó i bhfoirgneamh de chuid Bia Ghaoth Dobhair Teo ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Táthar ag súil go mbeidh timpeall 40 duine fostaithe sa ghnó agus é faoi lán tseoil.

F.F. Polymers Ltd., le lonnú i mBaile Mún, Cill Charthaigh
Ceadaíodh pacáiste airgeadais don chomhlacht F.F. Polymers Ltd. le cuidiú leis an chomhlacht a ghnó múnlú plaisteach a lonnú agus a fhorbairt i Baile Mún, Cill Charthaigh. Táirgíonn an comhlacht plaisteach ‘Nyrim’ – plaisteach é seo atá iontach láidir agus a úsáidtear sa tionscal druilleála mara . Tá triúr fostaithe ag an chomhlacht atá lonnaithe san Iarmhí faoi láthair agus táthar ag súil go mbeidh 13 duine fostaithe nuair atá an gnó faoi lán tseoil i gCill Charthaigh.

Mark (Éire) B.V., Cúil Aodha, Co. Chorcaí
Ceadaíodh deontas caipitil don chomhlacht chun tacú leo trealamh nua a cheannach chun an réimse táirgí atá á dtáirgeadh acu a mhéadú.

Shell E&P Ireland Ltd.
Ceadaíodh foirgneamh folamh de chuid an Údaráis (iar mhonarcha Charraig Donn) i mBéal an Mhuirthead a ligean ar léas le Shell E & P Ireland Ltd. lena fhorbairt mar spás oifige. Tá an foirgneamh á chur ar fáil do Shell E & P Ireland Ltd. le lárionad bainistíochta agus riaracháin áitiúil do thogra gáis na Coiribe a lonnú i mBéal an Mhuirthead. Beidh suas go 25 duine á fhostú sa lárionad seo nuair a bheidh sé forbartha go hiomlán. Beidh an comhlacht féin freagrach as obair athchóirithe atá le déanamh chun an sean-mhonarcha a uasghrádáil go spás oifige.