Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta – Nollaig 2011

12 Nollaig, 2011

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (9 Nollaig) tugadh tuairisc don Bhord faoi sholáthar airgid an Údaráis ón Stát, ó fhoinsí eile agus óna fhoinsí féin do 2012. Beidh soláthar €18.8m in iomlán ar fáil ón Stát do na buiséid chaipitil agus reatha, ísliú 4% ar an bhliain roimhe. Beidh buiséad caipitil na heagraíochta, a dhíríonn ar chruthú fostaíochta, idir soláthar ón Stát agus teacht isteach óna fhoinsí féin (measta), de c.€12m ar fáil. Tá seo gar don méid a bhí ar fáil don eagraíocht in 2011.

Phléigh an Bord an scrúdú atá déanta ar an Údarás le bliain anuas faoina fheidhmeanna agus chumhachtaí agus mar a d’éirigh leis an Údarás teacht slán as an phróiseas sin. D’aontaigh an Bord gur vóta muiníne é seo san Údarás agus san obair atá ar siúl aige i gcruthú agus i gcaomhnú fostaíochta, an ról lárnach atá aige i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus i gcur chun cinn cúrsaí forbartha pobail, sóisialta agus cultúrtha sa Ghaeltacht.

Pléadh chomh maith próiseas ceapacháin príomhfheidhmeannach don eagraíocht agus táthar ag súil go mbeidh deis ann an ceapachán seo a dhéanamh go luath sa bhliain úr; luadh an tábhacht atá le daonlathas an Bhoird a choinneáil agus treisíodh go bhféadfadh toghchán an Údaráis a bheith ann le linn toghcháin Comhairlí Contae nó reifreann le laghdú a dhéanamh ar chostais agus tá súil ag an Údarás é seo a phlé leis an Aire; agus glacadh le moladh a cuireadh os comhair an Bhoird gur chóir go bhfágfaidh oifig an Choimisinéara Teanga sa Ghaeltacht agus nach laghdófaí ar aon slí cúraimí na hoifige sin.