Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha

1 Márta, 2010

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (26 Feabhra). Ag an chruinniú sin deimhníodh an maoiniú seo a leanas:

Óige na Gaeltachta Teo.
Tugadh le fios ag an chruinniú go raibh soláthar €287,000 á chur ar fáil ag an Údarás i mbliana d’Óige na Gaeltachta Teo. Cuireann Óige na Gaeltachta seirbhís tacaíochta, forbartha, monatóireachta agus árachais ar fáil do chlubanna, grúpaí pobail agus eagraíochtaí eile atá ag freastail ar riachtanais na hóige.

Lena chois sin cuireadh soláthar €80,000 ar fáil do chúig cinn d’ionaid Buail Isteach atá ag feidhmiú ar an Cheathrú Rua, sna Doirí Beaga, sa Daingean, i Ráth Cairn agus sa tSeanphobal (€16,275 an ceann).

Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo.
Tugadh le fios chomh maith go bhfuil soláthar €785,000 á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo le tacú leis an chomhlacht bainistiú agus riaradh a dhéanamh ar an 76 naíonra atá faoi na chúram agus atá ag feidhmiú ar fud na Gaeltachta.