Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe

27 Feabhra, 2009

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha inniu (27 Feabhra).

Siad na príomh nithe a pléadh ná:

Óige na Gaeltachta Teo.

Tugadh le fios ag an chruinniú go raibh soláthar de €300,000 á chur ar fáil ag an Údarás i mbliana d’Óige na Gaeltachta le tacú leis an chomhlacht a chlár tacaíochta do chlubanna óige a chur i bhfeidhm i rith na bliana.

Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo.

Tugadh le fios chomh maith go bhfuil maoiniú de €1.2m á chur ar fáil ag an Údarás do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo le tacú leis an chomhlacht bainistiú agus riaradh a dhéanamh ar an 75 naíonra atá faoin chúram agus atá ag feidhmiú ar fud na Gaeltachta.

Ionad Cúram Leanaí, Carna, Co. na Gaillimhe

Ceadaíodh soláthar caipitil €850,000 mar chomh-mhaoiniú ar sholáthar atá ceadaithe ag Pobal le Ionad Cúram Leanaí a thógáil i gCarna. Tá deontas €600,000 ceadaithe ag An Clár Náisiúnta Infheistíochta sa Chúram Leanaí don Ionad seo agus aisíocfar é seo leis an Údarás nuair a bheidh an Naíolann tógtha. Rinne an tÚdarás an cinneadh seo ar bhonn eisceachtúil lena chinntiú go gcoinneofar deontas Pobal slán mar caithfear é a tharraingt roimh dheireadh 2009. Beidh an áis in ann seirbhís a chur ar fáil do 27 páiste chomh maith le seirbhís tar éis scoile nuair atá an fhorbairt críochnaithe. Meastar go gcuirfear fostaíocht ar fáil do idir 5-7 lánaimseartha san ionad agus táthar ag súil go mbeidh tús a chur leis an obair fhorbartha go luath.

Comharchumann Ráth Chairn Teo, Ráth Chairn, Co. na Mí

Ceadaíodh deontas caipitil €120,000 do Chomharchumann Ráth Chairn Teo le cuidiú leis an Chomharchumann le hathchóiriú a dhéanamh ar shean-fhoirgneamh dá chuid lena iompú isteach ina aonad oifigí agus fiontraíochta. Beidh naoi n-oifig chomh maith le seomraí cruinnithe agus áiseanna eile ar nós cistin, seomraí stórála agus leithris ar fáil san ionad nuair a bheidh an obair fhorbartha críochnaithe.