Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGort an Choirce, Co. Dhún na nGall

29 Iúil, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGort an Choirce, Co. Dhún na nGall Dé hAoine seo caite (27 Iúil 2007).

Ag an chruinniú sin ceadaíodh na tograí seo a leanas:

Éamonn Mac Pháidín, Óstán Broadhaven Bay, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
Ceadaíodh soláthar airgid don phríomhaí le gnó nua iascaireachta mara agus fánaíocht mhara a fhorbairt in Iorras mar chuid den ghnó turasóireachta atá á fhorbairt tríd an Óstán Broadhaven Bay.

E.H.S Teo, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Aontaíodh suíomh a chur ar fáil do E.H.S Teo le gnó dírithe ar sholáthar seirbhísí agus táirgí fuinnimh in-athnuaite agus inbhuanaithe a fhorbairt ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Táthar ag súil go mbeidh 11 fostaithe sa ghnó agus é faoi lán seoil.

GPE Teo, Anagaire, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh deontas caipitil do GPE Teo le tacú leis an chomhlacht trealamh nua a cheannach.

Bioniche Teo, An Choill Rua, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh soláthar caipitil de €2.15 milliún le Saotharlann nua a thógáil agus a chur ar fáil do Bioniche Teo. i gCoill Rua. Tá an comhlacht ag táirgeadh agus ag díol táirgí cógaisíochta agus tá gá le saotharlann nua chun tacú leis an chomhlacht cur lena n-acmhainní táirgíochta agus táirgí nua a fhorbairt.

Comhar Caomhán Teo, Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh deontas caipitil don chomharchumann le tacú leo trealamh a cheannach le dul i mbun oibre agus tabhairt faoi scéimeanna agus oibreacha tógála ar an oileán.

Meitheal Éisc Teo, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Aontaíodh €500,000 a infheistiú i bhfoirm scaireanna i Meitheal Éisc Teo le cur ar chumas an chomhlachta an táirgiúlacht a mhéadú agus freastal ar na margaí ar bhonn rialta.

Dexgreen Teo, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Ceadaíodh tacaíocht don chomhlacht Dexgreen Teo le cuidiú leo margaí nua a aimsiú agus a fhorbairt.

Cumann Lúthchleas Gael na Gaeltachta, Carraig, Baile na nGall, Co. Chiarraí
Aontaíodh suíomh 5 acra i nGallaras, Baile na nGall a chur ar fáil do Chumann Lúthchleas Gael na Gaeltachta lena fhorbairt mar áis spóirt don cheantar.

Gcom Teoranta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh deontas €120,000 do Gcom Teo, fo-chomhlacht de chuid an Údaráis, le clár oiliúna agus feasachta teicneolaíochta a chur ar fáil do ghnóthais Ghaeltachta chun leathnú eacnamaíoch agus iomaíochas a spreagadh sna gnóanna.