Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair – Meitheamh 2012

31 Iúil, 2012

nóiméad léite

Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall inniu (1 Meitheamh), ceadaíodh líon tograí nua ar fud na gceantar Gaeltachta ina mbeidh 54 post breise nua á gcur ar fáil nuair a bheidh na forbairtí beartaithe curtha i gcrích.

Lena chois sin, cheadaigh Bord an Údaráis:

  • maoiniú de €350,000 d’Ealaín na Gaeltachta Teo le cur ar chumas an chomhlachta leanúint leis an chlár oibre i bhforbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht i gcomhpháirtíocht leis an Chomhairle Ealaíon don bhliain amach romhainn;
  • caiteachas caipitil de €145,000 le hathchóiriú riachtanach a dhéanamh ar an Mharglann (An Mart), foirgneamh de chuid an
  • Údaráis i nGleann Cholm Cille, lena chur in oiriúint do ghníomhaíochtaí ealaíon, chultúrtha agus spóirt;
  • maoiniú de €150,000 do Mhuintearas Teo le cuidiú leis an chomhlacht a chlár oideachais agus oiliúna a reáchtáil.

Chas Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., le baill an Bhoird agus pléadh líon ábhar comhspéise, ina measc, an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; an Bille Gaeltachta atá á ullmhú faoi láthair; struchtúr agus ceist toghcháin an Bhoird; ról agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta; ciste maoinithe na gComharchumainn agus na gcomhlachtaí pobalbhunaithe agus clár LEADER sa Ghaeltacht.

Rinne an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., an Cathaoirleach Liam Ó Cuinneagáin agus baill an Bhoird comhghairdeas le Steve Ó Cúláin a chuaigh i mbun a chuid dualgais mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta, go hoifigiúil inniu.